Scipeáil chuig ábhar

8ú hAois AD

Dealg na Teamhrach

Tá an dealg seo, déanta d’airgead teilgthe óraithe, a fuarthas i mBaile an Bhiataigh i gCo. na Mí, maisithe go casta ar an dá aghaidh.

Ní ag Teamhair ach cois cladaigh i mBaile an Bhiataigh i gCo. na Mí, a fuarthas an dealg seo sa bhliain 1850. Dúirt díoltóir gru bhain sí le Teamhair, chun a luach a mhéadú. As airgead teilgthe agus óraithe atá an dealg déanta agus tá sí maisithe go casta ar an dá aghaidh. Tá an aghaidh tosaigh maisithe le sraith de phainéil d'fhíolagrán óir mínsaoirsithe a léiríonn móitífeanna ainmhithe agus teibí atá deighilte ag stodaí de ghloine, de chruan agus d’ómra. Tá an cúl níos cothroime ná an tosach, agus tá an maisiú teilgthe. Is éard atá sna móitífeanna ná scrollaí agus tríbhíseanna agus cuireann said maisiú La Tène na hIarainnaoise i gcuimhe.

Ta slabhra airgid déanta as sreangán trilsithe greamaithe leis an dealg trí ghreamán sclóinte. Cruthaítear an ghné seo le cloigne d’ainmhithe ag cur fráma ar dhá chloigeann daonna de ghloine theilgthe.

Chomh maith le seoda ar nós Cailís Ardach agus Paiteana Dhoire na bhFlann, is féidir breathnú ar Dealg na Teamhrach mar scoth shaothar na n-oibrithe miotail in Éirinn na meánaoise luath. Cuirtear gach maisiú ar leith i gcrích go foirfe agus is iontach ar fad réimse na dteicnící a léirítear ar réad chomh beag.

Suíomh:


Dealg na Teamhrach suite ag:
Archaeology


An déantán roimhe seo:

Bachall Lios Mór


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions