Scipeáil chuig ábhar

Baile na Fine, Co. Dhún na nGall

Tornapaí taibhsiúla

F1943.350

In Éirinn gach Oíche Shamhna, shnoíodh muid tornapaí chun lóchrainn scanrúla a chruthú. Tógann an t-ainm, Seán na Gealaí, (Jack o’ Lanterns) ó scéal sa bhéaloideas faoi Sheán, nár cuireadh fáilte roimhe ar Neamh ná in Ifreann agus go mb’éigean dó dul ag fánaíocht faoin tuath go brách na breithe, agus gan ach lóchrann aige chun an bealach a thaispeáint dó.

I 1943 fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann lóchrann tornapa ó mhúinteoir scoile, Rois Ní Braonáin a bhí ag múineadh in aice le Baile na Fine, Co.  Dhún na nGall. Dúirt sí gurb é sin an cineál a dhéantaí i gcónaí sa cheantar sin timpeall na bliana 1900. Chruthaigh agus phéinteáil ealaíontóir an mhúsaem, Eileen Barnes, an teilgean plástair seo.

Chuirtí coinnle taobh istigh de na tornapaí agus úsáideadh iad chun eagla a chur ar dhaoine oíche Shamhna, an 31 Deireadh Fómhair. Is forbairt Meiriceánach ar an traidisiún Gaelach seo an puimcín atá i réim inniu.

  • Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar lóchrainn tornapaí agus traidisiúin na Samhna.
  • Le haghaidh tuilleadh scéalta faoi Sheán na gealaí féach duchas.i

Suíomh:


Tornapaí taibhsiúla suite ag:
On Display


An déantán roimhe seo:

Geansaí dearg Árann


An chéad déantán eile:

Post box


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions