Scipeáil chuig ábhar

Co na Gaillimhe

Geansaí dearg Árann

F1937.48C

Tá cáil ar an geansaithe Árann ar fud an domhain. Ó na 1960idí ar aghaidh, rinneadh iarracht ollmhór margaíochta chun na hearraí lámhchniotáilte seo a onnmhairiú go Meiriceá agus ar fud an domhain. Ba iad na ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha na Clancy Brothers agus Tommy Mackem a chaith ar stáitse agus ar an teilifís iad a spreag cuid den tóir seo orthu. Tá an mhír shuaithinseach faisin seo caite ag aisteoirí agus amhránaithe cáiliúla ó shin i leith.

Spreag Bord na gCeantar Cúng an cniotáil sna 1890idí agus d’fhorbair an geansaí ó gheansaithe simplí cniotáilte na n-iascairí ar a mbíodh dearadh cáblaí. D’fhás na greamanna ó phatrúin agus ó naisc le geansaithe a bhíodh á gcaitheamh ag iascairí na hAlban agus iascairí Mhuir nIocht. Léiríonn an focal ‘Jersey’ agus an focal Gaeilge geansaí  an nasc seo.

Cniotáladh an geansaí dearg iontach seo in 1937 don Ard-Mhúsaem agus léiríonn sé scil na gcniotálaithe ar Oileáin Árann. Tá ‘an sméar dubh’, ‘an diamant’ agus ‘an phunann chruithneachta’ i measc na greamanna a úsáidtear. Aithris in olann iad ar na cabhlacha faiseanta fabraice a bhíodh ar díol i siopaí i gcathair na Gaillimhe.

Suíomh:


Geansaí dearg Árann suite ag:
On Display


An déantán roimhe seo:

Cathaoir Thuama


An chéad déantán eile:

Tornapaí taibhsiúla


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions