Scipeáil chuig ábhar

F:2006.108

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.

Co. Phort Láirge, an Currach - Plean, cuid an tí, ingearchló, ingearchló de leathdhoras, leaba shuíocháin, cúb, agus mionghné de fhuinneog, 1945.

Tá an teallach sa teach seo ar fáil sa bhalla binne. Ba theach aon seomra é seo i dtús ama. Cruthaíodh an dara seomra trí bhalla seachtrach adhmaid roinnte a thógáil. Cuireadh dhá dhrisiúr siar ar an mballa binne chun an balla roinnte a threisiú. Tá léargas mion ar cheann de na drisiúir, drisiúr cúibe. Bhíodh drisiúir chúibe coitianta tráth i gcontaetha i ndeisceart na hÉireann agus bhídís mar áit shábháilte theolaí do chearcanna goir. Léiríonn mionghné de na doirse na spásanna stórála ar an dá thaobh den teallach agus an painéaladh sa leaba shuíocháin chúl-ard an tionchar ó stíleanna ailtireachta de chuid an 18ú hAois. Tá léargas ar an gcraein thriantánach freisin.

Rinne John Cumming, Patrick Hamilton agus Robin Walker (a d’oibríodh d’Ailtirí Scott, Tallon agus Walker ní ba dhéanaí), suirbhéireacht ar na 38 teach i sráidbhaile an Churraigh, Co. Phort Láirge i samhradh na bliana 1943 nuair ba mic léinn ailtireachta de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath iad.

Meascán de thithe aon seomra, dhá sheomra agus trí sheomra ba ea tithe an Churraigh aimsir na suirbhéireachta. Thógtaí iad le cloch agus cré bhuí, chuirtí aoldath ar an taobh amuigh i gcás fhormhór na dtithe.
Dar le tuairisc le Robin Walker ar an Irish Times ar an 9 Iúil 1943, fuair na suirbhéirí ‘dea-shamplaí de dhrisiúir shnoite agus de leapacha suíocháin ó thús an naoú haois déag, a bhí saibhir ó thaobh maisiú clasaiceach de’. Bhí piliúir shnoite ar na drisiúir ar an taobh ar cuireadh coirnisí ar a mullach, agus a maisíodh le painéaladh ar an gcuid íochtair. Thug na suirbhéirí suntas freisin do leapacha téastair den tseanstíl, ar a dtugtaí ‘carranna clúdaithe’ i roinnt mhaith tithe.

Sa lá atá inniu ann, tá an-tóir ar shuíomhanna an tsráidbhaile atá suite go hálainn ag praghsanna nárbh fhéidir leis na bunáithritheoirí a shamhlú.
 

Suíomh:


Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann. suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions