Scipeáil chuig ábhar

F: 1947.25

Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta

Co. na Gaillimhe, Mhionlaigh - Léarscáil de thithe ceapaí agus talamh sráidbhaile.

Patrick Tuite a rinne an tsuirbhéireacht in 1945. Páipéar fite, dúch priontála dubh, nótaí mínithe pinn luaidhe, dúch dearg agus dubh.. Airde503mm, Leithead 595mm.

Seo léarscáil lámhtharraingthe le nótaí mínithe de Shráidbhaile Mhionlaigh, ar Abhainn na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe in 1945. Marcálann an léarscáil tithe agus an úinéireacht talún lena mbaineann siad.

Bhíodh gabháltais ar leith ag na teaghlaigh éagsúla ar fud ceantar fairsing. D’fhorbair an patrún seo maidir le húinéireacht talún scaipthe ó aoiseanna ní ba luaithe nuair a bhíodh córas Rundale – córas feirmeoireachta comhchoitinne – i bhfeidhm. De réir chóras Rundale roinntí goirt gar do thithe a bhíodh brúite lena chéile ina stráicí curadóireachta de thalamh maith agus de dhrochthalamh. Dhéantaí na stráicí seo a mharcáil, ach ní scartaí go fisiciúil óna chéile iad. Roinntí gach stráice i measc theaghlaigh an tsráidbhaile agus dháiltí na stráicí ar na teaghlaigh ar a seal freisin. 

Suíomh:


Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions