Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.10

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann

Contae Mhaigh Eo, An Fal Mór – Plean de theach dhá sheomra.

ÅC a shínigh, 1935 [Åke Campbell]. Páipéar fite, dúch líníochta, peann luaidhe/crián daite Airde 509mm, Leithead 375mm.​

Is dócha gur bóitheach aon-seomra a bhí sa teach seo i dtús ama. Cuireadh síneadh seomra leapa leis ní ba dhéanaí ar chúl an teallaigh. Tá fáinne chun bó a cheangal suite sa bhalla ar aghaidh an teallaigh. Tá spásanna do lao agus do chearca marcáilte freisin, agus is amhlaidh don draein le haghaidh aoileach ainmhithe. Maidir leis an mbóitheach – i.e. seomra a bhíodh á roinnt idir daoine agus ainmhithe feirme – is iondúil go mbíodh doirse ar aghaidh a chéile ann. Bhídís seo ann chun go mbeadh cead a gcos ag ainmhithe, chun solas a ligean isteach agus chun gaoth a rialú. Bhídís áisiúil freisin chun an leibhéal deataigh sa teach a rialú.

Suíomh:


Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann suite ag:
In Storage


An chéad déantán eile:

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions