Scipeáil chuig ábhar

F:2006.31

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann

Contae Mhaigh Eo, An Tuar Mhic Éadaigh, Plean de theach trí sheomra.

Páipéar fite, líníocht le dúch dubh, crián daite. Airde 235mm, Leithead 326mm

Tá an teach 38 troigh agus 4 horlaí ar fhad (11.7 méadar). Is comhartha sóirt iad lochtaí de thithe san iarthuaisceart, agus bhídís le fáil os cionn na seomraí ar an dá thaobh den teallach. Bhíodh leaba le fáil sa chailleach i starr sa Bhalla taobh leis an tine. Is iondúil go mbíodh sí á húsáid ag an té ba shine den teaghlach. Tá léargas mion ar urlár leacach na cistine agus ar an tsráid lasmuigh. Tá an troscán leagtha amach chun leas a bhaint as an spás balla agus chun an spás ar aghaidh na tine a choinneáil glan. Ar na nithe atá le feiceáil tá trí leaba, bord amháin, trí chathaoir agus forma nó binse. Tá stól cois teallaigh ann freisin agus drisiúr in aice na caillí.

Suíomh:


Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann


An chéad déantán eile:

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions