Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.36

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann

Contae na Gaillimhe, Baile an tSagairt, An Spidéal -Aghaidhchló tí

Páipéar fite, blíníocht le dúch dubh, peann luaidhe. Airde 374mm. Leithead 502mm.

Taispeánann an líníocht seo gur aghaidhchló de chuid teach ceann tuí dín gabhaléadain atá ann. Is teach ubhchruthach atá ann – stíl atá ar fáil ó ré na meánaoise i leith agus a bhíodh fairsing ar fud Iarthar Chonnacht tráth dá raibh. Is dócha gur cruth dronuilleogach atá ar an seomra laistigh ó thaobh plean de. Tá an doras agus dhá fhuinneog suite go neamhshiméadrach, stíl a bhíodh an-fhairsing i gcás seantithe. Tá cruthanna difriúla ar na fuinneoga freisin. Sa doras feicimid an chuid íochtair dhúnta de leathdhoras. Ba chomhartha sóirt de thithe traidisiúnta iad leathdhoirse, agus is iomaí feidhm a bhíodh ag baint leo lena n-áirítear páistí óga a choinneáil istigh agus ainmhithe amuigh. Thugaidís léargas freisin ar an domhan máguaird ag ligean solais, agus aeir, isteach sa seomra comhluadair a mbíodh fuinneoga beaga amháin iontu go minic murach iad.

Suíomh:


Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Eiteolaithe Sualannacha, na 1930idí: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann


An chéad déantán eile:

Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, 1943: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions