Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.142

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta

Contae Lú, Ceann Chlochair, Baile na gCailleach - Plean, cuid an tí agus aghaidhchló tí.

L.C. Peppard, B. Ailt NUI A.R.I. B. A., M. Burke, L. White, B. Tobias a thomhais agus a tharraing in 1944. Páipéar uiscedhatha, dúch dubh agus dearg, peann luaidhe, uiscedhath. Airde 507mm, Leithead 745mm.

I measc na gcomharthaí sóirt sa teach seo tá an teallach gráta ardaithe agus an t-oigheann aráin ionsuite. B’fhairsinge na hoighinn ionsuite in oirdheisceart na tíre. B’fhairsinge na grátaí ardaithe mar a mbíodh gual in úsáid. Tá líne tagra ar fáil sa líníocht freisin, arb é an sreangán cothrománach a bhíodh in úsáid ag na suirbhéirí chun airde agus leibhéil an tí a thomhas. Díríonn an líne tagra aird ar fhán an tí. Is díol spéise é leagan amach neamhghnách chodanna an tí seo lena n-áirítear rochtain ó sheomra suí amháin ar an seomraí suí eile trí dhá sheomra leapa. Is díol suntais eile é méideanna difriúla na gceithre fhuinneog. Is díol suntais freisin í imir bhuí an niteora ar an taobh amuigh den teach.

Suíomh:


Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions