Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.154

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta

Contae Lú, Ceann Chlochair, Baile na gCailleach - Plean, cuid an tí agus aghaidhchló tí

Barbara Tobias, NUI, Margaret Burke, B.St. Tech, Louis Peppard B.Arch, ARIBA, NUI, a thomhais agus a tharraing in 1944. Páipéar fite, dúch dubh agus dearg, peann luaidhe, uiscedhath. Airde 505mm, Leithead 722mm.

Tugann an t-aghaidhchló le fios go ndearnadh an teach seo as spallaí, rud atá ina chodarsnacht leis an ngeata stuach cloch gearrtha atá le feiceáil in aice an tí. Ba mhinice a chuirtí aoldath ar thithe tradisiúnta – is é sin, chuirtí aol orthu – chun brat cosanta, inslithe ach inanálaithe a chur orthu. Taispeánann an plean leagan amach neamhghnách inmheánach an tí uirbigh seo. Is díol suntais iad na trí theallach agus roinnt an tseomra suí chun go mbeadh seomraí faoi leith ann. Taispeánann an chuid seo den teach an teallach gráta ardaithe le simléar téastair mór.

Suíomh:


Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions