Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.155

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta

Contae Lú, Ceann Chlochair - Plean urláir uachtair, plean urláir íochtair, cuid an tí, peirspictíocht sheachtrach.

C. Flanagan, D. Daly, P. Almond a thomhais agus a tharraing in1944. Páipéar uiscedhatha, dúch priontála dubh, peann luaidhe, uiscedhath. Airde 537mm, Leithead 714mm.  

Téitear go díreach isteach i limistéar an tseomra suí tamall ón teallach nuair a théitear isteach sa teach dhá sheomra seo. Is féidir urlár uachtair nó seomra lochta a bhaint amach ón seomra suí le dréimire. Tá an lochta go díreach os cionn an tseomra leapa ar urlár na talún. Cruthaíonn ballaí adhmaid roinnte spás codlata breise in aice le limistéar an teallaigh ar urlár na talún. Tugann pota gliomach atá ar crochadh ón rachta leid dúinn maidir le suíomh cois cósta an tí agus gairm an úinéara. Tuigtear dúinn a lárnaí agus a bhíodh an teallach i saol an teaghlaigh ón íomhá de bhean le páiste ina suí ar fhorma, nó binse fada íseal, cois tine agus roinnt soithí daite ar an matal.

Suíomh:


Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions