Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.156

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta

Contae Lú, Ceann Chlochair - Plean, cuid an tí agus aghaidhchló tí, mionghné de thaobh istigh de dhíon.

Tarraingíodh agus péinteáladh é Pat Almond, C. Flanagan, D. Daly, 1944. Páipéar fite, peann luaidhe, uiscedhath. Airde 490 mm. Leithead 668mm.

Ar taispeáint anseo tá teach ceann tuí mór a bhfuil áiléar nó fuinneoga dormánta. Tugann an tslí isteach chun an tí chomh fada le siopa thú. Baintear leas as an dá chuid eile atá chun tosaigh mar sheomraí stórála. Tá an spás cónaithe ar fáil ag cúl an tí agus tá rochtain air tríd an siopa. Tá léargas mion ar struchtúr taca maidir le díon claonta A-frámaithe. B’ionann fad traidisiúnta an rachta agus leithead an tí. Ba é an gnáthchlaonadh dín uimhir idir 45 agus 50 céim. Ní mór an díon a chlaonadh ag uillinn a chinnteodh go n-imeodh uisce báistí le sruth. Thug suirbhéirí faoi deara gur cláraíodh an teach le fuinneoga agus frámaí den saghas a bheadh ar fáil nuair a céadtógadh an teach le hais stíl nua-aimseartha fuinneog a bhíodh ar fáil ag am na suirbhéireachta.

Suíomh:


Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions