Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.216

Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, 1943: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta

Contae Bhaile, Átha Cliath, Lusca - peirspictíocht uiscedhatha de theach ceann tuí

John E. Burke a phéinteáil in 1943. Páipéar uiscedhatha, peann luaidhe, uiscedhathanna. Airde 259mm, Leithead 368mm.

Ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis an teach tá díon ceann tuí leathghabhail éadain, póirse seachtrach gearr, simléar brící dearga agus síneadh dín rocach agus bairille cnuasaigh uisce. Ag binn an tí, tá fear ina shuí ar chathaoir chistine. Tá fear eile agus gadhar beag a bhfuil coiléar air ina seasamh in aice leis an bhfear atá ina shuí. Tugann gile na tuí le fios gur tuí chruithneachta atá ann. Mar sin féin, is mó an seans go gcuirfí thuí coirce ar theach dá shamhail, óir tháinig tuí choirce in áit tuí chruithneachta sa cheantar seo ag deireadh an 19ú haois. Sa lá atá inniu ann is deacair teacht ar thuí chun tuíodóireachta mar tá saghsanna nua tuí a fhástar dá ngráinne amháin tagtha in áit na saghsanna tuí níos sine agus níos faide. Bhí díon rocach ag teacht in áit tuíodóireachta ó na 1930idí i leith.

Suíomh:


Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, 1943: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, 1943: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, 1943: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions