Scipeáil chuig ábhar

Ag déanamh curaí - ag tógáil an fhráma

Micheál Ó Conghaile agus é ag déanamh curaí ar Inis Oírr, Contae na Gaillimhe, 1968

Féach ar Video

1. Ag tógáil an fhráma adhmaid

Leanadh Mikey Ó Conghaile próiseas socraithe agus é ag tógáil a chuid curach. I dtús báire, thógadh sé fráma adhmaid an bháid. Bíonn fráma gnáthchuraí déanta as na gunailí, na guaillí agus na transaim. Cheannaíodh Mikey an t-adhmad do na frámaí ó sholáthróir i gCathair na Gaillimhe. Agus é ag obair taobh amuigh dá cheardlann ar an trá, thomhaiseadh sé na píosaí fada adhmaid a ndéantaí an ghunail íochtarach astu. Le siséal agus máilléad, ghearradh sé poill mhoirtíse ansin sa ghunail íochtarach mar ullmhúchán chun an ghunail uachtarach agus na heasnacha a fháil níos déanaí.

2. Ag déanamh na nguaillí

Gearradh na guaillí (codanna tosaigh cuartha na gunaile) as píosaí aonair adhmaid ag úsáid teimpléid. Trí úsáid teimpléad cinntíodh go raibh gach píosa ag dul isteach mar ba chóir agus cuireadh a laghad adhmaid amú agus ab fhéidir.

3. Ag cinntiú na suíochán agus an transaim

Sular feistíodh na guaillí dhéanadh Mikey na suíocháin a thairneáil síos ar an ngunail íochtarach agus dhaingníodh sé an transam íochtarach le deireadh na curaí ag úsáid moirtíse agus ailt tionúir. Chabhraíodh na céimeanna seo chun an fráma a rabhthas ag obair air a theannadh.

4. Ag seiceáil na nguaillí

Nuair a feistíodh na guaillí, seiceáladh a n-airde cheart ón áit a dtagadh siad le chéile chun tosaigh, le cúnamh snáithe a síneadh ó thosach go deireadh.

5. Ag tolladh poll sna gunailí íochtaracha agus uachtaracha

Baineadh úsáid as tarathar chun poill chomhfhreagracha a tholladh sna gunailí íochtaracha agus uachtaracha chun stopalláin ghearra adhmaid a fháil a cheanglaíodh na gunailí le chéile. Ghearradh Mikey tionúr freisin isteach i ndeireadh an fhráma uachtaraigh le sábh láimhe sa tslí gurbh fhéidir an transam uachtarach a fheistiú air go beacht.

6. Ag feistiú na nguaillí uachtaracha

Tarraingíodh deirí tosaigh an fhráma uachtaraigh le chéile ansin le rópa agus tolladh poill isteach sa ghualainn íochtarach chun leanúint ar aghaidh leis an tsraith stopallán ó dheireadh go ceann an bháid. Agus na stopalláin in áit sa ghualainn íochtarach bhíothas in ann an ghualainn uachtarach a fheistiú.

7. Ag cruthú phíosa na gualainne

Chun píosa na gualainne a chruthú, is é sin an t-alt a ghreamaíonn an ghualainn uachtarach leis an gcuid eile den fhráma, dhéanadh Mikey an píosa a theastaigh a mharcáil amach i mbloc adhmaid agus mhúnlaíodh sé é le tua. Múnlaíodh píosa na gualainne tuilleadh ag úsáid plána.

8. Ag feistiú an chláirín phíce

Rinneadh feisteas ag tosach na curaí, a dtugtar an cláirín píce air, a thomhas, a ghearradh, a fheistiú agus a bhearradh le sábh agus le siséal.

9. Ag feistiú na nglúine

Ina dhiaidh sin suíodh gach suíochán isteach sa fhráma le rudaí a dtugtar glúine orthu. Craobhacha L-chruthacha a bhí sna glúine a ndearnadh iad, tar éis iad a ghearradh le tua agus iad a dhruileáil le snaidhm láimhe, a thairneáil don suíochán agus don fhráma. An ghlúin tosaigh, an ghlúin láir agus an ghlúin chun deiridh a thugtar ar na glúine éagsúla.

10. Ag críochnú an fhráma

Tar éis fheistiú na nglún, mhúnlaíodh agus d´fheistíodh Mikey na roillicí. Múnlaíodh gach ceann de na 6 roillic i gcurach Mhikey as píosa adhmaid ag a thua iontaofa. Coinníonn gach ceann de na roillicí dolla in áit. Coinníonn na dollaí na rámha in áit le linn na rámhaíochta. Ansin tiontaíodh fráma na curaí thart chun go ndéanfaí na heasnacha agus na lataí a fheistiú.

11. An chéad chéim eile: Ó easnacha go huisce

Lean an nasc chun na chéad chéimeanna eile sa phróiseas a fheiceáil.

Leigh Nios mo

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions