Scipeáil chuig ábhar

An Geimhreadh

Scrúdaigh traidisiúin a bhain le Samhain, Oíche Shamhna agus Nollaig in Éirinn.


Samhain

Ceiliúradh féile na Samhna, an chéad lá den Gheimhreadh, ar an 1 Samhain, lá na Naomh Uile. Déantar an oíche roimh an lá seo, Oíche Shamhna a cheiliúradh fós i neart áiteanna in Éirinn le fleá agus cluichí.

Go traidisiúnta bailíodh fómhar de thorthaí agus cnónna don chóisir agus bhídís in úsáid do ghníomhaíochtaí an teaghlaigh ar an oíche freisin. Bhíodh spraoi ann freisin le cluichí ina dheintí pósadh a thuar.

Chreid daoine ar an oíche sin go bhféadfadh sprioraid na marbh filleadh ar an mbaile. Ceapadh freisin go mbíodh spioraid olca gníomhach, mar sin sheachain daoine taisteal ina n-aonar istoíche. Chosain said a dteaghlaigh ón mí-ádh le huisce ciosricthe agus in áiteanna áirithe rinne said crosa Samhna. 

An Nollaig

Tá féile gheimhridh na Nollag, a cheiliúrtar an 25 Nollaig, dírithe ar an teaghlach agus béile speisialta. In áiteanna áirithe chuir grúpaí drámaíochta gléasta le tuí ar a dtugtar Cleamairí dráma i láthair le rím. 

Mharcáil Buachaillí an Dreoilín Lá 'le Stiofáin (an 26 Nollaig) i bpobail áirithe. Chuaigh na fir agus na buachaillí seo, gléasta i mbréigéide, ag siamsaíocht ó theach go teach ‘Ar Thóir an Dreoilín’ a mbreathnaítear air mar fheallaire an Naoimh.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions