Scipeáil chuig ábhar

Ábhair, Saoirseacht & Fionnachtana le Déanaí

Is é atá i gCros Chonga ná corplár darach atá clúdaithe i bpráis leatháin agus plátaí práis maisiúla teilgthe.

Tá maisiúchán ilchasta ar an gcros le fíolagrán óir, órú, leatháin airgid, nialló agus inleagadh airgid, agus neadacha gloine agus cruain. Sa lár tá píosa mór clochchriostail. Bhíodh an bhlogh den Fhíor-Chros á coimeád faoi seo, agus bhíodh sé le feiceáil tríd. Tá an bhlogh cailte le fada.

Tá an chros 760 mm ar airde, 480 mm ar leithead agus 35 mm ar tiús.

Is saothar álainn ealaíne é Cros Chonga

Is ceann amháin de na léirithe is fearr de shaoirseacht na hÉireann sa dara haois déag. Is é ceann de na saothair ealaíne Eorpacha is fearr den tréimhse sin é an chros freisin..

Is é atá san ornáidíocht ar an gCros ná an stíl “Cheilteach” luath de mhaisiúchán a bhíodh ar na mórsheoda den ochtú haois agus den naoú haois, ach in éineacht leis tá an saibhriú breise de na stíleanna Lochlannacha den aonú haois déag agus den dara haois déag ionchorpraithe isteach ann.

Fionnachtana nua faoi Chros Chonga

Nuair a bhí Cros Chonga á hullmhú le taisteal go dtí Músaem Shaol na Tuaithe ag Páirc Thurlaigh, rinneadh fionnachtana suntasacha nua:

  • Aimsíodh fianaise de roinnt iniúchtaí a rinneadh roimhe sin – an ceann is déanaí sna 1960í.

  • In ionad é a bheith déanta de chré-umha leatháin, mar a ceapadh roimhe seo, tá a fhios againn anois gur de leatháin phráis agus práis theilgthe a bhí sé déanta.

  • Tá an chros adhmaid atá mar chorplár Chros Chonga déanta as dair; tá sí briste díreach thíos faoin gcrosáil den dá bhall agus is é seo an chúis a bhfuil laige struchtúrtha i gCros Chonga.

  • An rud is tábhachtaí atá ann ná nuair a baineadh an clochchriostal agus a ghléas, thángthas ar chros eile greanta ar chorplár darach Chros Chonga – de chineál ar a dtugaimid cros Lorraine – anois agus atá mar shiombail den Fhíor-Chros. Rinneadh é seo a shnoí nuair a rinneadh an chros. Féach íomhá thíos.

  • Tá comharthaí ann go raibh gabhdán ciorclach níos luaithe faoin gclochchriostal, agus tá seans ann go raibh an bhlogh den Fhíor-Chros á coimeád ansin.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions