Scipeáil chuig ábhar

An Mheánaois Luath

Ba ón mBreatain Rómhánach go príomha a tugadh an Chríostaíocht isteach go hÉirinn sa chúigiú haois AD, thart ar an am a thit Impireacht na Róimhe as a chéile. Mar gheall ar an saol nua a bhí acu d’fhoghlaim siad stíleanna agus scileanna teicniúla nua agus cuireadh iad le stór cheardaithe na hÉireann. Tréimhse a bhí inti inar tharla athrú mór eacnamúil agus sóisialta, ina raibh ról lárnach ag an Eaglais. Theastaigh réada speisialta cosúil le cailísí eocairisteacha, paiteanaí agus soithí chun leabhair agus taisí a chumhdach iontu, agus rinne ceardaithe na hÉireann iad seo agus mhaisigh siad iad. Tá go leor miotalóireachta d’ardchaighdeán sna bailiúcháin seo, agus is ábhar eaglasta is mó atá ann. Mar gheall ar an gcaighdeán a táirgeadh, go háirithe le linn an ochtú hAois agus an naoú hAois, tugtar an Ré Órga ar na haoiseanna seo.

Is seoda íocónacha iad roinnt de na réada a táirgeadh sa tréimhse seo, ar nós Cailís Ardach, Cailís Dhoire na bhFlann, Cumhdach Creasa Mhaigh Locha agus Dealg ‘na Teamhrach’. I measc seod nach bhfuil chomh haitheanta sin tá Cros Loch na Tulaí, a aimsíodh amach ón gcósta de chrannóg bheag i gCo. Ros Comáin; buicéad beag miotail mhaisithe ó chrannóg ón gCluainín Bán, Co. Ros Comáin; agus dhá bhuicéad adhmaid le feistí miotail ornáideacha ó Chluain Ioraird, Co. na Mí agus ó Dhoire an Mhaoláin, Co. Laoise. Tá cumhdaigh bheaga i bhfoirm tuamaí le hurraim a thabhairt do chnámha na naomh fós ann, agus fuarthas samplaí atá beagnach slán in Abhainn na Sionainne agus i Loch Éirne. Is é is dóichí ná go dtagann bailiúchán feistí atá maisithe in ardstíl La Tène ó Dhún Uabhair, Co. na. Mí ó chumhdach i bhfoirm tuamaí atá níos mó a d'iompraítí i mórshiúl le cabhair ó phollaí iompracha. Tá cumhdach beag cloiche ann ó mhainistir Droim Ineasclainn i gContae Lú ina raibh bosca beag adhmaid le réada miotail taobh istigh de, eochair san áireamh.

Ba shnoíodóirí cloiche oilte a bhí i gceardaithe sa mheánaois luath, agus tháirg siad sraith ardchrosa breátha ar a raibh radhairc ón mbíobla. Sa bhailiúchán tá teilgin d'ocht gcinn de na samplaí is fearr a rinne ceardaí Iodálach darbh ainm Orlandi idir 1898 - 1908, chomh maith le bloghanna de chrosa bunaidh ó roinnt láithreáin mhainistreach. Tá roinnt leac cloiche snoite ann freisin ar a bhfuil dearthaí croise ó láithreáin mhainistreach, ina measc samplaí breátha ó Inis Caoich Thuaidh, Co. Mhaigh Eo agus ó Cheathrú an Teampaill, Co. Shligigh. Tá dearadh croise ar chloch colúin ó Eaglais, Co. Chiarraí ach tá inscríbhinn scríofa air freisin san aibítir oghaim, an aibítir is luaithe a d'úsáidtí chun scríobh i nGaeilge. Tá Cloch na hEaglaise ar cheann de thart ar dhá dhosaen cloch colúin sa bhailiúchán ar a bhfuil inscríbhinní oghaim.

Is cosúil go raibh an-tábhacht ag baint le hornáideacht phearsanta agus tá an-chuid samplaí de bhioráin agus de dhealga de chineálacha éagsúla déanta as ábhair éagsúla sa bhailiúchán. Is as cré-umha is mó atá siad seo déanta ach tá samplaí atá déanta as airgead, ór, iarann, cnámh agus beann ann freisin. Úsáideadh gloine agus cruan chun dealga agus bioráin a mhaisiú, agus tá go leor bráisléid atá déanta as gloine sa bhailiúchán chomh maith le bráisléid atá déanta as lignít. Tá fáinní méara miotail maisithe ann freisin. Tugann éagsúlacht uirlisí ceardaíochta a bhaineann le miotalóireacht, siúinéireacht agus gníomhaíochtaí feirmeoireachta léargas leathan dúinn den saol a bhí ag daoine, agus is fianaise iad na claimhte agus sleánna iarainn den fhoréigean sa tréimhse sin.

Ba é teacht na Lochlannach ag deireadh an ochtú haois a chuir tús le tréimhse inar ionsaíodh mainistreacha agus ina ndearnadh slad agus scrios ar iliomad seodra na heaglaise. Ach, trádálaithe a bhí sna Lochlannaigh chomh maith le bheith ina gcreachadóirí, agus toradh amháin a bhí ar a ngníomhaíochtaí tráchtála ná gur tugadh méideanna móra airgid isteach go hÉirinn, cuid de a fuarthas i dtaiscí tinne. Thug na Lochlannaigh cineálacha nua réad agus stíleanna nuálacha ealaíne isteach chun na tíre, a spreag forbairtí sa mhiotalóireacht dhúchasach agus sna healaíona maisiúla. Ba í an fháil éasca ar airgead i rith an naoú hAois agus an 10ú hAois a spreag faisin nua i ndearadh dealg, agus ba iad na foirmeacha ba mhó ráchairte ná dealga bocóide-neasfháinneacha, agus dealga i bhfoirm feochadáin agus i bhfoirm eitleoige.

Le linn an 11ú hAois agus an 12ú hAois bhí Athbheochan i miotalóireacht na hÉireann inar baineadh úsáid mhór as stíleanna ealaíne Ringerika and Urnes de chuid na Lochlannach. I measc na dtaiscí suaitheanta ón tréimhse seo tá na bachalla ó Cheanannas agus Lios Mór, Scrín Lámh Laichtín Naofa agus an scrín a rinneadh timpeall 1100AD do chlog a raibh baint ag Naomh Pádraig leis de réir an traidisiúin. Is dócha gurb í an taisce is cáiliúla ón tréimhse níos déanaí ná Cros Chonga a raibh Toireallach Ó Conchubhair, Rí Chonnachta agus Ard-Rí na hÉireann, mar phríomh-phátrún aige.

Viking Ringerika and Urnes art styles. Notable treasures of the period are the croziers from Kells and Lismore, the Shrine of St Lachtin’s Arm and the shrine made around 1100 AD to house a bell associated by tradition with St Patrick. Perhaps the best known treasure of the later period is the Cross of Cong whose principle patron was Turlough O’Connor, King of Connacht and High King of Ireland.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions