Scipeáil chuig ábhar

Saltair an Fheadáin Mhóir

In 2006 aimsíodh leabhar salm, nó Saltair, i bportach an Fheadáin Mhóir, Co. Thiobraid Árann.

Aimsíodh an leabhar trí sheans, nuair a thug tiománaí faoi deara é i mbuicéad a innill chun móin a bhaint. Tá seasca bileog de phárpháipéar sa tSaltair atá roinnte i gcúig chnuasach nó cheathrú. Tá an téacs scríofa le dúch gáil iarainn, agus baintear úsáid as roinnt líocha leis an maisiú a léiriú. Tá 150 gnáthshalm sa leabhar. Tá an litir tosaigh de gach salm marcáilte le ceannlitir agus tá na focail tosaigh de na sailm 1, 51, agus 101 maisithe, comhghnás a d'úsáidtí i saltair Éireannacha eile.



Athraíonn caomhnú an leabhair ó leathanach go leathanach. I gcásanna áirithe níl fágtha ach imill an leathanaigh agus roinnt litreacha scaoilte.

Chosain clúdach leathair i bhfoirm tiachóige le flapa an tSaltair. Tá trí chnaipe adhairce ceangailte leis an bhflapa, agus is é is dóichí ná go raibh an clúdach dúnta trí iall leathair a chlúdach thar na cnaipí. Tá an taobh amuigh den chlúdach péinteáilte le lí dhubh charbón-bhunaithe.

Is dócha gur píosaí trialach iad na móitífeanna éagsúla atá le feiceáil lasmuigh den chlúdach. Taobh istigh den chlúdach tá líneáil de phaipír, ábhar scríbhneoireachta ó oirthear na Meánmhara, san Éigipt go príomha.

Níl sé soiléir cén fáth ar cuireadh Saltair an Fheadáin Mhóir sa phortach, ach de bharr scéal a fionnachtana agus de bharr thorthaí an taighde ina dhiaidh sin is é ceann de na fionnachtana is tábhachtaí a rinneadh le tamall anuas.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions