Scipeáil chuig ábhar

Léigh Téacs Shaltair an Fheadáin Mhóir

Tá dhá leathanach den Leabhar ar taispeáint sa taispeántas reatha. Toisc go bhfuil na leathanaigh chomh híogair sin do sholas, ní féidir iad a chur ar taispeáint ach ar feadh trí mhí ag an am.

Tá an treoir seo ann chun cuairteoirí a spreagadh le téacs Shaltair an Fheadáin Mhóir a fhiosrú, ag baint úsáide as codanna den dá leathanach atá ar taispeáint faoi láthair. Déantar codanna den téacs a aibhsiú agus a thrascríobh, agus tugtar aistriúchán Gaeilge ar an téacs Laidine freisin:

Folio 29 verso - Psalm 73

  • line 22 [1] Ut quid Deus repulisti in finem iratus est

  • line 23 furor tuus super oves pascuae tuae [2] me

  • line 24 mor esto congregationis tuae quam posse

  • line 25 disti ab initia redemisti virgam hereditatis tuae

  • line 26 mons Sion in quo habitasti in eo [3] leva manus tuas in

  • line 27 superbias eorum in finem quanta malignatus est

  • line 28 inimicus in sancto [4] et gloriati sunt qui oderunt te in medio

  • line 29 sollemnitatis tuae posuerunt signa sua

Aistriúchán Gaeilge

Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia: Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce? [2] Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaigh tú fadó, ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin: ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe. [3] Tabhair d’aghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad; ar an dochar a rinne an namhaid san ionad naofa. [4] Tá do naimhde ag búiríl i lár do thionóil,. agus chuir siad a meirgí mar chraobh choscair in airde,

Folio 32 recto - Psalm 77

  • line 6 one [34] cum occideret eos quaerebant eum et revertebantur

  • line 7 et deluculo veniebant ad Deum [35] et rememorati sunt quia Deus

  • line 8 adiutor est eorum et Deus excelsus redemptor eorum est [36]

  • line 9 et dilexerunt eum in ore suo mentiti sunt ei [37]

  • line 10 cor autem ipsorum non erat rectum eorum eo nec fid

  • line 11 eles habiti sunt in testamento eius[38] ipse est misericors et p

  • line 12 ropitius fiet peccatis eorum et non disperdit eos et abundabit ut avertat iram suam et non accendet omnem iram suam [39] et

  • line 13 recordatus est quia caro sunt spiritus vadens et non rediens

Aistriúchán Gaeilge

...[aon] [34] Nuair a thugadh sé a n-ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht. [35] Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig ’s gurbh é an Dia is Airde a d’fhuascail iad. [36] Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéal agus ag insint bréag lena dteanga: [37] óir ní raibh siad dílis ó chroí dó ná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh. [38] Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu. [39] Ba chuimhin leis nach raibh iontu ach daoine; anáil a ghabhann seacha gan casadh

Folio 32 verso - Psalm 77

  • line 1 conclussit [51] et percussit omne primitivum in Aegypto

  • line 2 praemitinm laborum eorum in tabernaculis

  • line 3 Cham [52] et abstullit sicut oves populum suum et per

  • line 4 duxit eos tamquam gregem in deserto [53] et deduxit

  • line 5 eos in spe et non timuerunt et inimicos eorum ope

  • line 6 ruit mare [54] et induxit eos in montem sanctifica

  • line 7 tionis suae montem quem adquisivit dextera

  • line 8 eius et eiecit a facie eorum gentes et sorte div

  • line 9 isit eis tamquam in funiculo tributionis [55] et ha

  • line 10 bitare fecit in tabernaculis eorum tribus Israline

  • 11 hel

Aistriúchán Gaeilge

...[51] Bhuail sé gach céadghin san Éigipt; céadthoradh a nirt i gcampa Hám. [52] Sheol sé a phobal mar chaoirigh, rinne a dtreorú mar thréad san fhásach. [53] Sheol sé slán iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige. [54] Agus

Sheol sé isteach ina thír naofa iad chun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin. Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu. [55] thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd.

Folio 29 recto - Psalm 72

  • line 16 [1] quam bonus Israhel Deus qui recto sunt

  • line 17 corde [2] mei autem paene moti sunt paene effussi sunt

  • line 18 gressus mei [3] quia zelavi super iniqui pacem pec

  • line 19 catorum videns [4] quia non est respectus morti

  • line 20 eorum et firmamentum in plaga eorum [5] in lab

  • line 21 ore hominum non sunt et cum hominibus non flagillabuntur

Aistriúchán Gaeilge

Nach maith atá Dia don dream díreach; an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí! [2] Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim; is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna. [3] Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n-éagráifeach. [4] Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh; is slán a gcorp agus is sleamhain. [5] Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile

Folio 17 verso - Psalm 39

  • line 1 [7] sacrificium et oblationem noluisti aures autem

  • line 2 perfecisti mihi holocaustums et pro peccato nonpostulasti [8]

  • line 3 tunc dixi ecce venio in capite libri scriptum est de me [9] ut

  • line 4 facerem voluntatem tuam Deus meus volui et legem tuam

  • line 5 in medio cordis mei [10] adnuntiavi iustitiam in ecclesia

  • line 6 magna ecce labia mea non prohibebo Domine tu scisti

Aistriúchán Gaeilge

[7] Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d’oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait: [8] ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé. I rolla an leabhair tá sé scríofa fúm [9] Go ndéanfainn do thoilse: A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí. [10] Rinne mé d’fhíréantacht a fhógairt sa chomhdháil mhór, cosc níor chuir mé le mo bhéal: Mar is eol duit, a Thiarna.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions