AN CHRÉ-UMHAOIS LUATH AGUS LÁIR, 2500 – 1600 R.CH.
Bhí an-tóir ar photaireacht snasta dearg sa Chré-Umhaois Luath. Tá sé dóchúil gur úsáideach na soithigh a dhéanann aithris ar chruthanna ainmhithe chun deasghnátha agus chuige sin amháin. Sa Chré-Umhaois Luath bhí potaireacht bhán péinteáilte níos coitianta, agus b’fhearr le daoine na soithigh a bheith níos lú. Tá sé dóchúil gur úsáideach buidéil bheaga agus fleasca mar choimeádáin d’olaí cumhra.
Ar fud an tréimhse seo rinneadh potaireacht le láimh gan aon roth potaire. Thug sé sin níos mó saoirse féin-léirithe do photairí mar is léir ó na míreanna atá ar taispeáint.
I dtreo dheireadh na tréimhse seo, thosaigh an Chipir ag trádáil go forleathan le tíortha sa Neas-Oirthear. Tháinig a thuilleadh forbartha ar na naisc thrádála seo sa Chré-Umhaois Dhéanach.