Scipeáil chuig ábhar

Mórthionscadail

Tá baint mhór ag an Rannóg Clárúcháin le roinnt mórthionscadal ar fud an Mhúsaeim lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Tionscadal Fardail: Céim 2

  • An Tionscadal um Réitigh Stórála Bailiúchán

  • An Chartlann agus Bainistíocht Taifead

  • Íomháú Digiteach agus Bailiúcháin Ar Líne

  • An Tionscadal um Chatalógú na Leabharlainne

  • Tionscadal Chartlann Bheo na Gluaiseachta LADTI+ mar chuid den Réabhlóid Bogha Ceatha

  • Líonra Tacaíochta Foirne LADTI+ agus Bród 2020

 
Cad é an Tionscadal Fardail?

Tá sé i gceist ag Ard-Mhúsaem na hÉireann fardal a dhéanamh dá chuid croíbhailiúchán. Tá an tionscadal fardail ina leagan ar scála níos lú den tionscadal um Plean Doiciméadúcháin a bhí ar siúl ó 2009-2014. Is é is bonn leis an obair dhoiciméadúcháin a dhéantar sa Rannóg Clárúcháin i leith na mbailiúchán.

Is é an Cláraitheoir a stiúrann an tionscadal agus déanann oifigeach doiciméadúcháin sna suímh ábhartha bainistiú air.

Cad iad aidhmeanna an tionscadail?

Is é príomhaidhm an Fhardail taifead bunachair sonraí a chruthú do gach réad sna croíbhailiúcháin, taifead ina mbeidh uimhir chlárúcháin de chuid an mhúsaeim, suíomh reatha dearbhaithe agus tuairisc ón iontráil ábhartha ar an gclár. Tá gach réad á thaifeadadh de réir chaighdeáin fardail an chórais Spectrum: caighdeán na Ríochta Aontaithe maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh doiciméadúchán i músaeim.

Nuair a bheidh an obair tugtha chun críche, cuirfear faisnéis faoi na réada ar fáil i lárbhunachar sonraí, agus cuirfear íomhánna digiteacha leis de réir mar a bheidh fáil orthu. Ansin is fearr an fháil a bheidh ag an bhfoireann agus ag an bpobal ar fhaisnéis níos fairsinge faoi na réada, den chéad uair ó bunaíodh an músaem.

Céard atá i gceist leis an obair?

Is é an fardal an chéad chéim i dtreo doiciméadú a dhéanamh ar bhailiúcháin an Mhúsaeim. Is bealach é chun na réada atá ag an músaem a chainníochtú agus taifead a dhéanamh ar an áit a bhfuil siad, trí thaifid bhunúsacha a chruthú ar leibhéal fardail ó na réada féin agus ón iontráil ábhartha ar an gclár, eolas a chuirtear isteach sa taifead ina bhfuil an phríomhthuairisc ar an réad.

Cén tairbhe atá le baint as an tionscadal?

A bhuí leis an Tionscadal Fardail, beidh a fhios ag an Músaem méid agus scóip a chuid bailiúchán. Ina theannta sin, cuideoidh sé feabhas a chur ar an bhail atá ar na bailiúcháin. Mar shampla, is minic nach mór réada a athphacáil i mboscaí nó i málaí atá de ghrád caomhnaithe agus ní mór scuabadh éadrom a thabhairt do réada a bhfuil deannach orthu.

Go dtí seo, rinneadh catalógú faoin tionscadal ar níos mó ná 750,000 réad ar fud cheithre rannán an Mhúsaeim. Tá bunachar sonraí saincheaptha, Adlib, curtha ar bun, inar furasta ag an bhfoireann agus ag taighdeoirí é teacht ar fhaisnéis faoi na réada.

Is é éifeacht fhoriomlán an tionscadail ná na bailiúcháin náisiúnta a fhágáil níos oscailte ná mar a bhí amhlaidh riamh roimhe seo, agus dá bharr sin tá an-chuid ábhar taighde á sholáthar do scoláirí amach anseo agus tá raidhse faisnéise faoi na bailiúcháin ar fáil don phobal.

An Tionscadal um Réitigh Stórála Bailiúchán

Thar ceann an Stiúrthóra, tá an Cláraitheoir i gceannas ar phlean a chruthú chun imeacht ó Ionad Acmhainní na mBailiúchán faoi 2030, mar chuid den Tionscadal um Réitigh Stórála Bailiúchán (CAST) chun bailiúcháin taisce Ard-Mhúsaem na hÉireann a stóráil san fhadtréimhse.

Is foirgneamh ar léas é Ionad Acmhainní na mBailiúchán ina mbíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag obair i bpáirt lena chéile. Soláthraíonn Ionad Acmhainní na mBailiúchán ardleibhéal rochtana ar na bailiúcháin taisce chun cuspóirí taighde. Le haistriú na mbailiúchán chuig an tsaoráid seo, cuireadh feabhas ar chobhsaíocht na mbailiúchán agus ar an doiciméadú.

An Chartlann agus Bainistíocht Taifead

Ó 2015 i leith tá an Rannóg Cartlainne agus Taifead ag dul i ngleic leis an riaráiste ó thaobh liostaí cartlainne an Mhúsaeim. Go dtí seo, tá na bailiúcháin seo a leanas á gcatalógú ag an bhfoireann:

  • Comhaid na Réad a bhaineann le Seachtain na Cásca

  • Cartlann na Stiúrthóireachta

  • An Chartlann de chuid Rannóg Stair an Dúlra

  • Comhaid Thopagrafacha de chuid Rannóg Shaol Tuaithe na hÉireann

In 2019, rinneadh suirbhé bainistíochta taifead ar thaifid an Mhúsaeim chun bonn eolais a chur faoi chóras nua bainistíochta taifead a chur i bhfeidhm ar fud an Mhúsaeim. Tá an phleanáil i leith an tionscadail sin ar siúl agus cuirfear i bhfeidhm an córas nuachta in 2021.  
 
Digitiú, Scanadh agus Bailiúcháin Ar Líne

Tá an Rannóg Clárúcháin i gceannas ar an obair leanúnach atá ar bun chun digitiú a dhéanamh ar chláir lárnacha agus ábhar cartlainne chun críocha caomhnaithe agus chun feabhas a chur ar na bealaí ar féidir le daoine dul ag plé leis na míreanna sin agus leis an méid atá iontu.

Ina theannta sin, tá an Rannóg Clárúcháin ag obair ar thaifid chatalóige agus ábhar digiteach a ullmhú le foilsiú ar líne mar chuid de Thionscadal na mBailiúchán Ar Líne de chuid an Mhúsaeim, a maoiníodh i dtosach mar chuid den tionscnamh Éire Ildánach. Is é Bainisteoir Tionscadail na mBailiúchán Ar Líne atá i gceannas ar an obair sin.
 
An Tionscadal um Chatalógú na Leabharlainne

Tá tionscadal catalógaithe leabharlainne ar siúl ar thrí cinn de na ceithre shuíomh ón mbliain 2004. Tá an bailiúchán á chatalógú ar chóras bainistíochta leabharlainne an Mhúsaeim (Adlib) de réir na gcaighdeán catalóige MARC 21, an chaighdeáin aicmithe DDC 22 agus Theidil Ábhair Leabharlann na Comhdhála.
 
Tionscadal Chartlann Bheo na Gluaiseachta LADTI+ mar chuid den Réabhlóid Bogha Ceatha

Bhí ról lárnach ag an Rannóg Clárúcháin maidir le hábhar digiteach a fháil agus a ullmhú lena chur san áireamh i Réabhlóid Bogha Ceatha, taispeántas a cuireadh ar bun in 2019. Ag croílár an tionscadail tá bailiúchán iontach taifeadtaí closamhairc ina bhfuil 200 gníomhaí agus ball de phobal LADTI+ na hÉireann, arna dtaifeadadh ag an Uasal Edmund Lynch. Cuimsítear ann freisin ábhar digiteach ó Chartlann na nAiteach in Éirinn, ó Chartlann Dhaoine Trasinscneacha na hÉireann agus ó Chartlann LADT Chorcaí, píosaí scannáin ó Chartlann RTÉ agus ábhar a tháinig ón iomaí grianghrafadóir, ealaíontóir agus gníomhaí Éireannach. Tionscadal comhoibritheach, a bhí dírithe ar an bpobal, a bhí i gceist chun tosú ag cur stair LADTI+ le bailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Chun tógáil ar an obair sin, tá an Cláraitheoir i gceannas ar an Tionscadal Cartlainne Beo LADTI+, atá dírithe ar agallamh a chur ar dhaoine ó gach cearn den phobal LADTI+, agus orthu siúd a sheasann leo, chun buantaifead saibhir ó bhéal ar stair LADTI+ na hÉireann a chur le chéile.
Más mian leat go gcuirfí faoi agallamh thú mar chuid de Thionscadal Chartlann Bheo na Gluaiseachta LADTI+, déan teagmháil leis an gCláraitheoir ag LGBT@museum.ie le do thoil.
 
Líonra Tacaíochta Foirne LADTI+ agus Bród 2020

Déanann an Cláraitheoir ionadaíocht d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ar an gcéad Líonra Foirne LADTI+ de chuid na Státseirbhíse agus na hearnála Seirbhíse Poiblí, líonra a bhunaigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais in 2019. Ba é an chéad tionscnamh ar thug an líonra sin faoi ná máirseáil mar ghrúpa sa mhórshiúl Bród 2019. Tháinig grúpa beag ón Ard-Mhúsaem le chéile le daoine ó gach cearn den tseirbhís phoiblí agus den státseirbhís sa mhórshiúl sin an 29 Meitheamh 2019.

Tá an Cláraitheoir ag cabhrú le forbairt an líonra sin chun tacú le baill foirne agus cairde de chuid an Ard-Mhúsaeim ar daoine LADTI+ siad agus ar mian leo a bheith páirteach sa mhórlíonra tacaíochta sin. Tá sé ina aidhm cuireadh a thabhairt do na baill foirne páirt a ghlacadh i mBród 2020 freisin, ócáid atá ar an sceideal i gcomhair Mheán Fómhair 2020 faoi láthair.

Más mian le duine ar bith labhairt leis an gCláraitheoir maidir le stair na gluaisteachta LADTI+ nó maidir le tacaíocht don ghluaiseacht sin, is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag LGBT@museum.ie


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions