Scipeáil chuig ábhar

An Leabharlann

Faigh amach cé mar a bhainistíonn leabharlann an Mhúsaeim acmhainní leabharliosta amhail an Tionscadal Catalógaithe agus leabharlann Chathail Uí Eochaidh i dTeach Pháirc Thurlaigh.

Is é ról na Leabharlainne in Ard-Mhúsaem na hÉireann é na hacmhainní leabharliosta a theastaíonn ó fhoireann an Mhúsaeim a bhailiú, a bhainistiú agus a chur ar fáil chun feidhm an Mhúsaeim a chomhlíonadh maidir le hoidhreacht ábhartha na hÉireann a chaomhnú, a léirmhíniú agus a chur ar taispeáint. Cuirtear seirbhísí taighde ar fáil d’úsáideoirí seachtracha freisin, trí choinne amháin.
 
Is cuid den Rannóg Clárúcháin í an Leabharlann agus tá an Leabharlannaí freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar bhailiúcháin leabharlainne sna ceithre shuíomh atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá an phríomhleabharlann lonnaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla agus Stair i nDún Uí Choileáin. Coinnítear bailiúcháin leabharlainne i ngach ceann de cheithre shuíomh an Mhúsaeim freisin.
 

Raon an Bhailiúcháin

Tá níos mó ná 80,000 monagraf agus irisleabhar ceangailte sa bhailiúchán, agus tá síntiús glactha ag an Leabharlann faoi láthair le 200 tréimhseachán. Cuirtear thart ar 3,000 imleabhar leis an mbailiúchán gach bliain, trí cheannach, bronnadh agus malartú.

Léiríonn bailiúchán na leabharlainne an obair a dhéanann rannáin choimeádaithe an Mhúsaeim:

  • Ealaíona Maisiúla agus Stair

  • Stair an Dúlra

  • Seandálaíocht

  • Saol na Tuaithe

Ina theannta sin, léiríonn an leabharlann an obair a dhéanann rannóga eile an Mhúsaeim:

  • Caomhnú

  • Oideachas

  • Clárú

  • Riarachán

  • Saoráidí

I measc na n-ábhar a bhfuil sealúchais ag an músaem ina leith tá músaemeolaíocht, léirmhíniú oidhreachta, eitneagrafaíocht, antraipeolaíocht agus saothair thagartha ghinearálta.

Chomh maith leis sin, tá bailiúchán cuimsitheach sa leabharlann de chatalóga taispeántais, catalóga ó cheantanna in Éirinn agus tuarascálacha bliantúla ó mhúsaeim agus institiúidí cultúrtha eile.

An Tionscadal Catalógaithe

Tá tionscadal catalógaithe ar bun ar thrí shuíomh as measc ceithre shuíomh an Mhúsaeim ón mbliain 2004. Tá an bailiúchán á chatalógú ar chóras bainistíochta leabharlainne an Mhúsaeim (Adlib) de réir na gcaighdeán catalóige MARC 21, an chaighdeáin aicmithe DDC 22 agus Theidil Ábhair Leabharlann na Comhdhála.

Rochtain

Is é príomhról na seirbhíse leabharlainne tacú le foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann sa ról atá aici ó thaobh oidhreacht ábhartha na hÉireann a chaomhnú, a léirmhíniú agus a chur ar taispeáint.

Seoladh

An Leabharlann,
An Rannóg Clárúcháin,
Bloc 10,
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla agus Stair

Dún Uí Choileáin

Sráid na Binne Boirbe
Baile Átha Cliath 7
Éire

Ríomhphost: library@museum.ie
Teileafón: +353 (0)1 6486487
Facs: +353 (0)1 6777498
 

Leabharlann Chathail Uí Eochaidh

Cuir eolas ar an mbailiúchán leabhar a bhronn eastát Chathail Uí Eochaidh, iarThaoiseach, ar an Músaem Bronnadh leabharlann Chathail Uí Eochaidh, iarThaoiseach, ar Ard-Mhúsaem na hÉireann in 2008. Tá an bailiúchán lonnaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo.

Tá níos mó ná 3,800 leabhar sa bhailiúchán. Is leis an bhfichiú haois a bhaineann croí-bhailiúchán na leabharlainne agus tá ealaín, litríocht agus stair na hÉireann faoi thrácht ann. Ina theannta sin, tá cóipeanna sínithe ann de shaothair de chuid filí agus ealaíontóirí mar Robert Ballagh, Paul Durcan, Jim Fitzpatrick, Seamus Heaney agus Louis Le Brocquy.
 
Tiomnacht ó Arthur Kingsley Porter

Faigh amach faoi bhailiúchán an Mhúsaeim de mhonagraif agus paimfléid ailtireachta a bhronn Lucy Kingsley Porter

Bhronn Lucy, bean chéile Arthur Kingsley Porter (1883-1933) – staraí ailtireachta a bhí ag obair in Harvard – bailiúchán ina bhfuil breis is 1,000 monagraf agus 500 paimfléad ó leabharlann an fhir sin ar Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Leagtar béim sa bhailiúchán sin ar ailtireacht na hEorpa sa Mheánaois, agus, cuid éigin, ar sheandálaíocht na hÉireann.

Tá an bailiúchán sin sa Phríomh-Leabharlann, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla agus Stair agus i leabharlann Shean-Iarsmaí na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions