Scipeáil chuig ábhar

An Rannóg Clárúcháin

Cuimsítear sa Rannóg Clárúcháin Oifig an Chláraitheora, Ionad Acmhainní na mBailiúchán, Stórais Sheachtracha, an Fhoireann Doiciméadúcháin, an Leabharlann, an Chartlann agus an tSeirbhís Bainistíochta Taifead.

Is í Cláraitheoir an Ard-Mhúsaeim (an Coimeádaí) a bhainistíonn agus a stiúrann an clárú. Bíonn an Cláraitheoir freagrach as an méid seo a leanas:

  • Ionad Acmhainní Bailiúchán an Ard-Mhúsaeim a bhainistiú

  • Doiciméadú na mbailiúchán, bainistíocht faisnéise i leith na mbailiúchán, caighdeáin agus téarmaíocht

  • Bainistíocht ar Adlib/Axiell, an príomhchóras bainistíochta Bailiúchán a úsáideann an tArd-Mhúsaem

  • Riar na n-iasachtaí agus obair lóistíochta

  • An Leabharlann

  • An Chartlann agus na Taifid

  • Digitiú/scanadh

  • Bailiúcháin Ar Líne

  • Obair lóistíochta i leith na mbailiúchán

  • Bainistíocht airgeadais na Rannóige


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions