Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Taispeántas na hÉigipte Ársa

Saorchead isteach

Faience amulet of Sekhmet. Dated 1069 - 664 BC

Sárthaispeántas de bhailiúchán Éigipteach Ard-Mhúsaem na hÉireann, fuarthas an chuid is mó de na déantáin as tochailtí a rinneadh san Éigipt idir na 1890idí agus na 1920idí agus agus dátaíonn siad ón gClochaois go dtí an Mheánaois.

Le linn an 19ú haois fuair an Músaem sciar i roinnt mórchoda taiscí ó thochailtí an ‘Egypt Exploration Fund’, Londain, lena n-áirítear láithreáin ar nós Hieraconpolis, Deir el-Bahri, Ehnasya, Oxyrhynchus, Tarkhan agus Riqqa. Cuimsíonn an taispeántas taiscí a bhailigh Lucht Siúil na hÉireann ar nós Lady Harriet Kavanagh.

Ar Taispeáint

I measc na réad is tábhachtaí atá ar taispeáint tá cás cartonnage óraithe agus péinteáilte den mhumaí Tentdinebu a théann siar go dtí an 22ú Ríshliocht c. 945 – 716 R.Ch.; téann na portráidí de bhean agus buachaill óg as Hawara siar go dtí an chéad Aois AD/dara hAois AD; agus téann an mhacasamhail de bhád adhmaid siar go dtí go luath sa 12ú Ríshliocht c. 1900 R.Ch. Tá líon stelae, troscán tuama, boird ofrála, seodra agus trealamh tí ann freisin.

Suíomh:


Taispeántas na hÉigipte Ársa suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Tar ar thuras chuig Gleann na Níle chun farónna agus mumaithe, iairiglifí, tuamaí agus teampaill a fheiceáil. I measc na réad is tábhachtaí atá ar taispeáint tá cás cartonnage óraithe agus péinteáilte den mhumaí Tentdinebu a théann siar go dtí an 22ú Ríshliocht c. 945 – 716 R.Ch.; téann na portráidí de bhean agus buachaill óg as Hawara siar go dtí an chéad Aois AD/dara hAois AD; agus téann an mhacasamhail de bhád adhmaid siar go dtí go luath sa 12ú Ríshliocht c. 1900 R.Ch. Tá líon stelae, troscán tuama, boird ofrála, seodra agus trealamh tí ann freisin.

Seandálaíocht

Bailiúchán na hÉigipte

Foghlaim níos mó faoi roinnt de na téamaí a phléitear sa taispeántas

Léigh níos mó
Bailiúchán na hÉigipte

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444