Scipeáil chuig ábhar

Bailiúchán na hÉigipte

Tá thart ar 3,000 réad i mbailiúchán Éigipteach Ard-Mhúsaem na hÉireann.. Fuarthas an chuid is mó díobh i dtochailtí a rinneadh san Éigipt idir na 1890idí agus na 1920idí agus dátaíonn siad ón gClochaois go dtí an Mheánaois.

Ó na 1840idí ar aghaidh bhí níos mó teacht ar an Meánmhuir Thoir ná mar a bhí ón tréimhse Rómhánach i leith mar thoradh ar thaisteal galbháid, agus chuaigh taistealaithe Éireannacha cosúil leis an mBantiarna Harriet Kavanagh ar turas chuig áiteanna ar an Níl, agus tháinig siad ar ais le bailiúcháin seaniarsmaí, atá mar chuid den bhailiúchán anois. Chuir ceannródaithe cosúil le Flinders Petrie tús le tochailt seandálaíochta ag láithreáin ar fud an Ghleanna agus na Deilte i ndeireadh an 19ú hAois.

Fuair an Músaem sciar i gcúpla ceann de na fionnachtana ó na tochailtí seo, agus tagann an chuid is mó den bhailiúchán ó na foinsí seo ar a bhfuil doiciméadú réasúnta maith déanta. Tá na réada is fearr agus is tábhachtaí sa bhailiúchán ar taispeáint chun buneolas a thabhairt ar an Éigipt Ársa taobh istigh d’Éirinn.

I measc na réad is tábhachtaí tá bord ofrála eibhir dearg a bhain le Rí Senwosret III, a bhí ina rí ó 1874 nó mar sin anonn go 1855 RCh. Tá macasamhail álainn de bhád Níle ó Beni Hasan sa bhailiúchán freisin, ó timpeall 1900 RCh, chomh maith le réimse leathan seodra atá déanta as ór, cailcít, coirnéilean, aimitis, faensa, sliogán agus cnámh. I measc an raoin d'earraí pearsanta tá soithí cosmáidí; scátháin; earraí maisíochta ar nós pionsúiríní agus rásúir; agus earraí a d'úsáidtí chun línitheoir súl a ullmhú agus a stóráil.

Léiríonn mumaí agus cónra na mná Tentdinebu ealaín adhlacóirí na hÉigipte ag a buaicphointe, sa Téibh i rith na chéad mhílaoise RCh. agus tá mumaithe ó thréimhse níos déanaí ar taispeáint chomh maith ar nós iad siúd den tréimhse Rómhánach-Éigipteach ó Hawara, a dhátaíonn ón dara haois AD. Tá mumaí de chait agus d'íbisí sa bhailiúchán freisin, chomh maith le deilbhíní beaga de na mairbh déanta de chriadóireacht, d’adhmad, de chloch agus d'fhaensa, ar a dtugtar shabtis. Chuirtí iad seo sna hadhlacthaí agus ba iadsan a dhéanadh aon obair láimhe a bheadh ag teastáil ón té a cailleadh sa domhan thíos.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions