Open now
Réada Seanda Tréidliachta
Saorchead Isteach
Cuireadh bailiúchán uathúil de réada tréidliachta seanré ar taispeáint le déanaí in Ard-Mhúsaem na hÉireann i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo.
Thosaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Rannóg Tréidliachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile ag tús na 2000idí chun réada tréidliachta a bhailiú agus a chur ar taispeáint i mBailiúchán Shaol na Tuaithe in Éirinn.
Bhí Cathal Walsh ina Oifigeach Tréidliachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo ón mbliain 1991 go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2005. Le linn dó a bheith ag obair i Maigh Eo, chruinnigh Cathal, i gcomhar lena chomhghleacaithe sa Rannóg Tréidliachta, Cathy Waddell agus Cathy Gallagher, bailiúchán de réada seanré a raibh baint acu le feirmeoireacht ainmhithe agus leis an tréidliacht. Bronnadh na réada sin ar Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus tá roinnt díobh ar taispeáint anois.
Tugann an taispeántas léargas níos grinne do chuairteoirí ar obair na dtréidlianna in Éirinn sna seanlaethanta.
Upcoming talk on animal care in Ireland
Beidh caint ar siúl san Ard-Mhúsaem chun ceiliúradh a dhéanamh ar oscailt an taispeántais agus is é an Dochtúir Michael Doherty a thabharfaidh an chaint sin ar 3in Dé Sathairn, an 7 Feabhra. Is é ‘Béaloideas na nEallaí agus na gCaorach trí Pheirspictíocht Eitni-tréidliachta’ an teideal a bheidh ar an gcaint seo ina ndéanfar stair shuimiúil cúraim ainmhithe in Éirinn a phlé agus leas a bhaint as an taighde atá déanta ag an Dochtúir Doherty le déanaí. Téigh chuig museum.ie chun áirithint a dhéanamh.
Tá Réada Tréidliachta Seanré ar taispeáint anois ar Leibhéal B de na gailearaithe taispeántais ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo. Tá saorchead isteach, agus ní gá aon áirithint a dhéanamh.
Suíomh:
Réada Seanda Tréidliachta suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
A unique collection of antique objects on display dealing with animal husbandry and veterinary science
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755