Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

An Rómáns agus an Réaltacht

Saorchead Isteach

Is minic a cheapaimid go mbíodh an saol in Éirinn simplí agus rómánsúil fadó. Ach bhí muintir na tuaithe ag streachailt leis an saol. Obair dhian a bhí i ndán dá bhformhór. Bhí galair coitianta, bhí an t-aiste bia gan éagsúlacht agus is iad na daoine a tháinig slán iad siúd a raibh eolas cuimsitheach acu ar an tír mórthimpeall orthu agus ar an timpeallacht, a bhí seiftiúil agus a raibh ceird acu, b’fhéidir.

Is beag athrú atá tagtha ar an saol seo leis na céadta bliain agus is léir seo ón leanúnachas idir rudaí a rinneadh le déanaí agus a macasamhla a rinneadh fadó.

In Rómánsaíócht agus Réaltacht leagtar béim ar na difríochtaí idir saol na ndaoine agus an béaloideas. Taispeántar gurb iad déantáin is ábhar do shaol na ndaoine, mar aon leis na scileanna is gá chun iad a dhéanamh agus an áit a bhí acu i saol na ndaoine. Ar an taobh eile, is iad scéalta, miotais agus rudaí a chreid daoine go traidisiúnta lasmuigh den reiligiún foirmiúil is ábhar don bhéaloideas

Suíomh:


An Rómáns agus an Réaltacht suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Is léir ón taispeántas seo go mbíodh saol na tuaithe in Éirinn dian go leor, cé gur nós coitianta é léiriú simplí rómánsúil a thabhairt air.
Saol na Tuaithe

Tuilleadh Léitheoireachta

Déan tuilleadh fiosraithe faoin ábhar sna Bailiúcháin Saol Tíre

Léigh níos mó
Tuilleadh Léitheoireachta

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755