Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Na hAmanna: Éire na Tuaithe, 1850-1950

Saorchead Isteach

Tréimhse mhór athruithe polaitiúla, eacnamúla agus sóisialta in Éirinn ab ea an tréimhse idir 1850 agus 1950.

Ba í an iarracht mhór ar mhaithe le saoirse ón mBreatain a bhaint amach an gnó ba mhó sa tréimhse seo. Bhí feirmeoirí ag troid le seilbh a fháil ar a gcuid talún sa tréimhse chéanna.

Sa taispeántas seo tugtar an comhthéacs stairiúil, le béim ar an tréimhse díreach i ndiaidh an Ghorta Mhóir, Cogadh na Talún, Conradh na Talún agus an agóidíocht ar son Rialtais Dúchais ag deireadh an 19ú haois, agus an réiteach deiridh a fuarthas ar cheist na talún in Éirinn, tar éis di a saoirse a bhaint amach.

Idir 1850 agus 1950 bhí muintir na tuaithe páirteach i ngluaiseachtaí móra polaitiúla a linne agus chonaic siad athruithe móra ar an saol. Bhí tionchar ag na hathruithe sin ar a saol féin agus ar an ngaol a bhí acu leis an talamh.

Suíomh:


Na hAmanna: Éire na Tuaithe, 1850-1950 suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Cad a dhein muintir na tuaithe aimsir Chogadh na Talún, an Ghluaiseacht don Rialtas Dúchais agus tar éis an Ghorta Mhóir? Cuir eolas ar stair pholaitiúil, eacnamúil agus shóisialta na hÉireann idir 1850 agus 1950.
Saol na Tuaithe

Amlíne Eachtraí

Féach ar amlíne de mhór-eachtraí stairiúla a chuaigh i gcion ar Éirinn foain tuath idir 1850 agus 1950.

Léigh níos mó
Amlíne Eachtraí

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755