Scipeáil chuig ábhar

Naomh Bríd snoite i Saileach

St Brigid artwork in the grounds of Turlough Park. Image: Karen Cox

Chuir Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe saothar ealaíne dealbhach suaithinseach nua i láthair, spreagtha ag Naomh Bríd, ar thailte Pháirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Rinne na healaíontóirí Aidan Crotty agus Naomi Rogers an saothar ealaíne le saileach, coll agus dair.

Choimisiúnaigh an Músaem é chun Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an 1 Feabhra – marcóir shéasúrach thábhachtach i seanchas na ndaoine, a léirigh tús an earraigh i bhféilire na hÉireann.
Tagann na modhanna a úsáideadh chun an píosa seo a chruthú ó bhealaí traidisiúnta de bheith ag obair leis an ábhar seo. Bailíodh an saileach, coll agus dair a úsáideadh chun an dealbh sealadach seo a thógáil ón gceantar áitiúil. D’oibríomar sa gheimhreadh chun an t-ábhar a bharrscoitheadh agus a phollarú chun Bríd, a fhógraíonn go bhfuil an t-earrach ann, a chruthú.” - Ealaíontóirí Aidan Crotty agus Naomi Rogers
 
Tá an saothar ealaíne lonnaithe díreach in aice le Teach Pháirc Thurlaigh, atá suite os cionn na sraitheanna tithe Victeoiriacha agus os cionn an locha shaorga.


Cabhair linn an saothar ealaíne a ainmniú! 

Tá an Músaem ag tabhairt cuireadh don phobal chun teideal a mholadh don saothar ealaíne. Cuir do smaointe in iúl dúinn! Cuir ríomhphost chuig countrylife@museum.ie nó téigh go Fáiltiú an Mhúsaeim chun cárta molta a líonadh.

Aimsigh spreagadh do do theideal trí thuilleadh a fhoghlaim maidir le nósanna agus traidisiúin Lá Fhéile Bríde thíos 

Beannachtaí Lá Fhéile Bríde! 


Eolas faoi na healaíontóirí

Naomi Rogers
Is ealaíontóir í Naomi Rogers a chónaíonn agus a oibríonn in iarthar Shligigh faoi láthair. Bhain sí Céim amach sa Dearadh Ceirmeachta ó Choláiste Ealaíne is Deartha Crawford i gCorcaigh, agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas Ealaíon Pobail ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath. Tá níos mó ná scór bliain caite ag Naomi ag obair san ealaíon agus taispeántais sráide, ag díriú ar rannpháirtíocht an phobail agus ealaíona san oideachas. Bhí an deis ag Naomi le déanaí dul i ngleic arís lena hobair sa cheirmeacht.

Aidan Crotty
Cónaíonn agus oibríonn Aidan Crotty i Sligeach. Bhain sé a chéim amach sa Phéinteáil Mhínealaíne in 2004 ó Choláiste Ealaíne is Deartha Crawford i gCorcaigh. Is péintéir é go príomha, agus tá sé ag forbairt a chleachtais go leanúnach ó 2005 agus ag múineadh agus ag obair leis na healaíona sa phobal freisin. Le déanaí, bronnadh Gradam ESB Keating ar Aidan chomh maith leis an mBonn Airgid ag 192ú Taispeántas Bliantúil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga in 2022. Bronnadh an duais Jackson’s Painting Prize air don ghradam Still Life / Botanical 2022 (Ríocht Aontaithe) agus an duais The Zurich Portrait Prize 2020 ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann.
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755