Scipeáil chuig ábhar

Stair agus Ailtireacht Pháirc Thurlaigh

Exterior of Turlough Park House

'Teach Mór' de thomhas measartha is ea Teach Pháirc Thurlaigh. I gcomhthéacs stair na hÉireann, is ionann an téarma seo agus foirgneamh mór, nó gréasáin d’fhoirgnimh, ar eastát talmhaíochta, agus uaisle Angla-Éireannacha ina gcónaí ann.

Tógadh Páirc Thurlaigh sa bhliain 1865, chun teacht in ionad ar fhoirgneamh i bhfad níos sine gar don bhealach isteach sa pháirc. Tagann ainm an tsráidbhaile agus an eastáit ón bhfocal Gaeilge turlach, a léiríonn loch a thrimíonn le linn an tsamhraidh.
 


An Gearailteach Trodach

Bhí cónaí ar chlann Mhic Gearailt i bPáirc Thurlaigh, agus bronnadh an t-eastáit orthu faoi na lonnaíochtaí talún Cromalacha i lár na 17ú haois.

Ag a mhéid is mó, bhí beagnach 8,500 acra in eastát agus neart searbhónta intí agus oibrithe eastáit de dhíth chun an teach agus na tailte a chothabháil. Sa bhliain 1915, rinne Bord na gCeantar Cúng – a bunaíodh le feabhsuithe easnamaíochta a dhéanamh ar chósta an iarthair – eastát na nGearaltach a cheannach agus a athdháileadh.

Duine suntasach sa chlann ab ea George Robert, mac le George agus ar a tugadh níos déanaí an ‘Gearailteach Trodach’. Bhí clú ar George Robert as a scileanna marcaíochta, ba chomhraiceoir aonair clúiteach é, agus bhí sé páirteach i roinnt achranna agus aighneas teaghlaigh. Ciontaíodh i ndúnmharú é agus crochadh é i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo i 1786.

Ba é a dheartháir óg Charles Lionel a tháinig i gcomharbacht ar eastát Pháirc Thurlaigh.
 


Ailtireacht & Stíl

Ba é an t-ailtire Thomas Newenham Deane a dhear Teach Pháirc Thurlaigh. Ba é Deane dearthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht ag Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, freisin.

Stíl ‘Gotach Victeoiriach’ a thugtar ar stíl ailtireachta an tí. Teach dhá stór déanta d’aolchloch is ea é, faoi dhíon le claonadh ard agus fuinneoga dormánta. Tá póirse Gotach oscailte lárnach ann, ina bhfuil dátchloch 1865 an tí.

Sa limistéar seirbhíse taobh leis an teach, ina mbíodh an chistin agus na stáblaí, tá áiseanna anois do chuairteoirí, amhail an siopa agus an caifé. I dtithe mar sin, bhíodh an chistin scartha amach ón teach mór sa chaoi is nach mbeadh boladh ón gcócaireacht ag cur isteach ar an teaghlach agus ar a gcuairteoirí, agus sa chaoi is go laghdófaí an chontúirt go mbeadh dóiteán ann.

Tá fuinneog mhaorga de ghloine dhaite os cionn an phóirse ar a léirítear suaitheantas chlann Mhic Gearailt agus an mana Honor Probataque Virtus (Onór, Ionracas & Suáilce). 


Leabharlann an Tí Mhóir

Cé gur baineadh úsáid as an leabharlann don chuid is mó le haghaidh don scíth agus don staidéar, is sa seomra seo freisin a d’íoc na tionóntaithe feirmeoirí a gcíosa ráithe lena dtiarna talún, muintir Mhic Gearailt. Bhíodh an gníomhaire ina shuí agus a aghaidh leis na doirse gloine trínar tháinig na tionóntaithe isteach, dhéanadh sé nóta faoin íocaíocht ina leabhar cíosa agus thugadh sé admháil don tionónta. Deirtear gur shuígh an tiarna talún taobh thiar den doras folaithe uaireanta, chun a raibh le rá ag na tionóntaithe a chloisteáil gan a bheith le feiceáil.


Parlús an Tí Mhóir

Tá an seomra seo feistithe agus maisithe ar an gcaoi a d’fhéadfaí a bheith thart ar 1900. Nuair a bhíonn teaghlaigh ina gcónaí i dteach ar feadh a bhfad, is gnách leo éagsúlacht de throscán a bhailiú ó thréimhsí éagsúla agus i stíleanna éagsúla. Tagann an troscán anseo ó bhailiúcháin an Mhúsaeim sna hEalaíona Maisiúla agus Stair.

I measc na réad atá ann tá Pianó Lyrachord, an t-aon cheann dá leithéid ar domhan. Feidhmíonn an taobh ar chlé mar phianó agus an taobh ar dheis mar chruitchlár.

Tá nead de tháblaí ann freisin ar a bhfuil inleagadh de chruit agus seamróg atá tipiciúil de scoil troscáin Chill Airne, chomh maith le cathaoir bhróidnithe ó Mhainéar Ath Dara, Co. Luimnigh, a rinneadh i 1850.


Déantar cuid den Mhúsaem de

D’fhan Teach Pháirc Thurlaigh sa chlann céanna go dtí 1991 nuair a cheannaigh Comhairle Contae Mhuigh Eo é. Togra áitiúil ab ea an moladh chun an teach a oscailt mar mhúsaem agus ar deireadh cinneadh sa bhliain 1995 cuid d’Ard-Mhúsaem na hÉireann a lonnú anseo. Bhí bailiúcháin Shaol na Tíre an Mhúsaein i stóras ar feadh i bhfad i sa Daingean, Co. Uíbh Fhailí, ag feitheamh ar ionad oiriúnach.

Toisc nach raibh an teach oiriúnach mar mhórspás taispeántais, tógadh foirgneamh nua speisialta taobh leis. Tá gradaim buaite as an dearadh seo, a rinne brainse ailtireachta Oifig na nOibreach Poiblí, agus is ann atá gailearaithe an Mhúsaeim lonnaithe. Mar chuid den tionscnamh, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí an ‘Teach Mór’ féin a athchóiriú. Rinne Comhairle Contae Mhaigh Eo athchóiriú ar na tailte agus na gairdíní.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755