Scipeáil chuig ábhar

I dtaobh an Mhúsaeim

Ailtireacht Victeoiriach agus ailtireacht na linne seo - tá an dá cheann le feiceáil le hais a chéile in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.

Sna gailearaithe nua-aimseartha taispeántais, bainfidh tú taitneamh as na déantáin, as an ngrianghrafadóireacht agus as na scannáin neamhchoitianta cartlainne ina bhfaighfear léargas ar an saol mar a bhí faoin tuath in Éirinn, saol atá imithe ar fad, beagnach. Lena n-ais, tá áras Gotach Victeoiriach óna bhféachtar amach ar ghairdíní, ar thalamh páirce agus ar choillearnach.

Saorchead isteach!

Ar na taispeántais mhóra tá Tuí, Féar agus Luachra, ina bhféachtar ar thraidisiúin eisceachtúla ceardaíochta, agus An Saol i Measc an Phobail, ina léirítear bliain amháin i saol ár sinsear tuaithe. 


Tá clár ceardlann, cainteanna agus turas ar fáil ó cheann ceann na bliana sa mhúsaem, clár ina mbíonn imeachtaí do gach aoisghrúpa, mar aon le clár de thaispeántais shealadacha ar théamaí stairiúla agus ar théamaí nua-aimseartha.

caife agus siopa bronntanas ar an láthair.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755