Scipeáil chuig ábhar

Grúpchuairteanna

Cuireann Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe fáilte roimh chuairteanna ó ghrúpaí trí oifig na n-áirithintí.

Tá an músaem lonnaithe díreach taobh amuigh de Chaisleán an Bharraigh i gCo. Mhaigh Eo, agus tá sé éasca rochtain a dhéanamh air toisc a chóngaracht don N5 (an tslí ó Bhaile Átha Cliath go Cathair na Mart). Tá an raon iomlán d’fhóntais aige do chuairteoirí chun freastal ar chuairteanna ó ghrúpaí lena n-áirítear siopa bronntanas agus ceardaíochta chomh maith le caifé ar an láthair le roghanna i gcomhair bia do ghrúpaí.

Caithfidh áirithint a bheith déanta ag gach grúpa roimh ré trí Oifig na nÁirithintí.


Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí

Tá Oifig na nÁirithintí ar oscailt ó 10r.n. go 1i.n., Máirt go hAoine. Má tá tú ag glaoch ar Oifig na nÁirithintí taobh amuigh dá huaireanta oscailte, fág teachtaireacht gutha, agus glaofaimid ar ais ort a luaithe agus is féidir.  

Teileafón: +353 94 90 31755
Ríomhphost:educationtph@museum.ie


Cuairteanna féintreoraithe ó ghrúpaí

Tá cead isteach do ghrúpaí féintreoraithe saor in aisce. Cuirtear pleananna urláir ar fáil saor in aisce ag Fáiltiú an Mhúsaeim agus tá siad ar fáil i mBéarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Polainnis, agus Úcráinis.

Cuir do chuairt fhéintreoraithe do ghrúpa in áirithint trí Oifig na nÁirithintí.


Turais threoraithe do ghrúpaí

Tá costas €50 ag baint le turas treoraithe do ghrúpa le treoraí turais ag a bhfuil taithí (15 dhuine in aghaidh an treoraí). Is féidir go mbeidh níos mó ná treoraí amháin ag teastáil ó ghrúpaí níos mó agus gearrfar costais de réir mar is cuí sna cásanna seo. Cuirfear seo in iúl agus tú ag déanamh áirithinte. 

Caithfear turais do ghrúpaí a chur in áirithint trí Oifig na nÁirithintí (agus braitheann siad ar an soláthar).


Turais phoiblí

Tá turais phoiblí ar fáil saor in aisce ó Fháiltiú an Mhúsaeim ag 2i.n. agus 3i.n. gach Sathairn. Ní gá aon áirithint a dhéanamh. Faigh tuilleadh eolais inár rannán faoi imeachtaí atá ag teacht aníos.


Cuairteanna oideachasúla ó ghrúpaí

Tá gliondar orainn fáilte a chur roimh ghrúpaí scoile chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann i gcomhair cuairteanna féintreoraithe chomh maith le turais threoraithe agus ceardlanna ar an láthair.

Caithfidh na grúpaí ar fad ar mian leo cuairt a thabhairt ar an músaem áirithint a dhéanamh roimh ré le hOifig na nÁirithintí.

Tuilleadh eolais maidir le cuairteanna scoile ar an Músaem.


Naisc úsáideacha

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755