Scipeáil chuig ábhar

Uaireanta oscailte, Suíomh agus Áiseanna

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra suite ar Shráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Uaireanta oscailte

  • Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm
  • Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm
  • Dúnta Lá Nollag agus Aoine an Chéasta

Saorchead isteach

Tá saorchead isteach ar gach ceann de cheithre láithreán Ard-Mhúsaem na hÉireann.


Ticéid ar líne

Caithfidh cuairteoirí ticéad saor in aisce a chur in áirithe ar líne roimh dhul chuig AMÉ – Stair an Dúlra. Cinnteoidh sé seo go gcomhlíonfar na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta agus go mbeidh cuairt shábháilte thaitneamhach ag daoine ar láithreáin an Mhúsaeim.


Uaireanta oscailte an tSiopa agus an Chaifé

Bíonn siopa agus caifé an Mhúsaeim ar oscailt nuair a bhíonn an Músaem ar oscailt, ach bíonn sé ar oscailt óna 12 meán lae ar an Domhnach.


Eolas do chuairteoirí

Bíonn an fhoireann ar fáil chun aon cheist atá agat a fhreagairt. Beidh cabhair ar fáil duit má bhíonn sé ag teastáil, ar an mbunurlár ag an doras isteach.


Páirceáil

Níl aon áit pháirceála ar thailte an Mhúsaeim.

  • Tá áiteanna páirceála ar an tsráid (méadar) díreach lasmuigh den mhúsaem (Cearnóg Mhuirfean).

  • Gheofar na carrchóis is gaire amach ó Shráid Dawson agus i bPlás Setanta.

  • Tá spásanna páirceála ann do dhaoine a bhfuil an suaitheantas gorm acu, lasmuigh den Dánlann Náisiúnta ar Chearnóg Mhuirfean Thiar, ar an taobh thoir de Shráid Dawson agus ar an taobh thiar agus an taobh thuaidh d'Fhaiche Stiabhna.


Seomra cótaí

Níl aon seomra cótaí ann faoi láthair.


Leithris

Tá leithreas do chách ar an mbunurlár, láimh leis an slí isteach. Tá leithris ar an gcéad urlár ach níl slí chucu do chathaoireacha rotha.


Áiseanna do thuismitheoirí

  • Tá áiseanna chun clúidín linbh a athrú sa leithreas thíos staighre, gar do dhoras an mhúsaeim.

  • Is féidir bugaí nó carr linbh a thabhairt timpeall bhunurlár an mhúsaeim (Fána na hÉireann) ach níl aon ardaitheoir ann chun an dara hurláir (Mamaigh an Domhain).

  • Is féidir bugaithe/cairr linbh a fhágáil ag doreas an mhúsaeim faoi lánrogha fhoireann an Mhúsaeim ach braitheann sé ar spás a bheith ar fáil. Is iad na húinéirí a bheidh freagrach as bugaithe a fhágtar ansin. Gheofar tuilleadh eolais ón deasc fáilte nuair a thagann tú isteach. 


Srianta ar bhagáiste

De bhrí nach bhfuil aon seomra cótaí ann, ní mholtar málaí móra droma, málaí nó cásanna a thabhairt isteach sa mhúsaem.


Ardaitheoirí agus rochtain ar na gailearaithe

  • Tá slí do chathaoireacha rotha sa taispeántas ar an mbunurlár (Fána na hÉireann), sa Chrios Fionnachtana, i Siopa bronntanas an mhúsaeim agus i leithreas amháin

  • Níl aon ardaitheoir ann chuig an gcéad urlár (Mamaigh an Domhain agus an Seomra Léitheoireachta) mar sin ní féidir le cathaoireacha rotha dul fad leis an mbunurlár

  • Tá an dara hurlár agus an tríú hurlár den mhúsaem dúnta don phobal


Inrochtaineacht

Tá fáilte sa Mhúsaem roimh chuairteoirí ar chumais éagsúla. Gheofar tuilleadh eolais sa roinn Inrochtaineachta.


Suíocháin

Tá stóil ghluaisteacha ar fáil ach iad a iarraidh.


Maoin chaillte

Má tá tú sa mhúsaem, fiafraigh den fhoireann ag an deasc fáilte ar an mbunurlár. Tar éis an músaem a fhágáil glaoigh ar +353 1 6777444.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627