Réada Seanda Tréidliachta
Thosaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Rannóg Tréidliachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile ag tús na 2000idí chun réada tréidliachta a bhailiú agus a chur ar taispeáint i mBailiúchán Shaol na Tuaithe in Éirinn. Bhí Cathal Walsh ina Oifigeach Tréidliachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo ón mbliain 1991 go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2005. Le linn dó a bheith ag obair i Maigh Eo, chruinnigh Cathal, i gcomhar lena chomhghleacaithe sa Rannóg Tréidliachta, Cathy Waddell agus Cathy Gallagher, bailiúchán de réada seanré a raibh baint acu le feirmeoireacht ainmhithe agus leis an tréidliacht. Bronnadh na réada sin ar Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus tá roinnt díobh ar taispeáint anois.