Scipeáil chuig ábhar

Ag déanamh curaí – Micheál Ó Conghaile

Micheál Ó Conghaile agus é á thaifeadadh ag Brendan Doyle

Intreoir

Go luath i 1968, lorg an Dr. A.T. Lucas, Stiúrthóir Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann, comhairle ón mbéaloideasóir cáiliúil Éireannach, Ciarán Bairéad, maidir le cé a bheadh in ann curach thraidisiúnta a thógáil a bheadh le cur i mbailiúcháin an Mhúsaeim. Ba é Micheál Ó Conghaile, ó Bhaile Thiar, Inis Oírr, an duine a bhí molta ag an mBairéadach chun an obair a dhéanamh. Is í Inis Oírr an ceann is lú de na trí Oileán Árann, atá suite i mbéal Chuan na Gaillimhe ar chósta Atlantach na hÉireann.
 



Fear teaghlaigh agus siúinéir a bhí i Micheál Ó Conghaile (a raibh aithne air mar ´Mikey´), a chuir lena ioncam trí bheith ag feirmeoireacht agus ag tógáil curach. Tar éis comhfhreagrais le Mikey, thaistil foireann de bheirt fhear ó Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann go hInis Oírr ar bord an bháid fharantóireachta darb ainm an Naomh Éanna, i Mí Mheithimh 1968, agus chaith siad ocht lá ar an oileán agus iad ag doiciméadú obair Mhikey Ó Conghaile le linn dó bheith ag tógáil curach 19 dtroigh go leith le haghaidh triúr fear, agus í feistithe le crann agus seol freisin.

Bheartaigh foireann na beirte, an coimeádaí John O´Sullivan agus an grianghrafadóir Brendan Doyle, taifead a dhéanamh ar scil a bhí á cailliúint ag an am, mar ab eol don Mhúsaem. A bhuíochas do na grianghraif agus an scannánaíocht a fuarthas ón tionscadal seo, chomh maith le sonraí a cuireadh síos i nótaí na foirne agus i gcomhfhreagras le Mikey Ó Conghaile, agus ar ndóigh an churach chríochnaithe, tá taifead suntasach agus iomlán againn anois maidir le conas a thógtar curach thraidisiúnta Éireannach.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions