Scipeáil chuig ábhar

Lá Fhéile Bríde

Ar an 1 Feabhra a chomóirtear Lá Fhéile Bríde. Is iomaí traidisiún agus nós a ghabhann leis an bhféile seo, cuid acu atá tugtha thíos.

An t-earrach agus cosaint don fheirm agus don teach

Gheall Naomh Bríd dea-aimsir as a féile féin amach. Is é an t-earrach séasúr an dóchais agus na beatha úire, nuair a d’fhéadfaí a bheith ag súil le haimsir níos fearr, na laethanta a bheith ag dul chun síneadh. Bheadh beatha nua ar an bhfeirm agus fás nua sna páirceanna. Oíche Lá Fhéile Bríde, d’ití béile de phrátaí agus d’im in onóir na féile, agus dhéanadh an teaghlach crosa speisialta in onóir an naoimh. D’iarradh an líon tí coimirce Bhríde le go mbeidís féin, an fheirm agus an talamh torthúil agus le nach mbuailfeadh galar ná breoiteacht iad. 

In áiteanna i gConnachta, d’iompraíodh daoine crios mór tuí (Crios Bhríde) agus bheadh ar mhuintir an tí siúl tríd agus paidir chuig Naomh Bríd á rá acu, ag súil le coimirce an naoimh a fháil in aghaidh na breoiteachta sa bhliain amach rompu. Tá raidhse toibreacha ar fud na hÉireann a bhfuil ainm Bhríde orthu agus ba thraidisiún é cuairt a thabhairt ar thobar beannaithe an tráthnóna roimh an fhéile nó ar lá na féile. Creideadh go raibh uisce a tarraingíodh ag an am seo thar a bheith beannaithe.
 
Uaireanta d’fhágtaí ruainne éadaigh nó ribín (Brat Bhríde nó Ribín Bhríde) lasmuigh an oíche sin ar leac na fuinneoige nó gar don doras.  Chreid daoine go gcuirfeadh Naomh Bríd a lámh air agus í ag gabháil thar bráid agus mar sin go mbeadh an chumhacht ag an éadach breoiteacht agus pian a leigheas i ndaoine agus in ainmhithe. Ar feadh na bliana ina dhiaidh sin, choinnítí go slán sábháilte é lena úsáid mar leigheas, nó lena fhuáil isteach in éadaí leis an té a chaithfeadh iad a chosaint.
 
I gceantair áirithe faoin tír, théadh ‘Biddy Boys’ (nó cailíní) ó teach go teach le samhail den naomh, a dtugtaí ‘Biddy’ air, ag bailiú airgid agus bia do chóisir in onóir Naomh Bríd:

Seo Bríd in éadaí bána. 
Tabhair pingin na hoíche duibhe di.
Tá sí bodhar, tá sí balbh,
Ná loic uirthi, in ainm Dé.

Crosa Bhríde

Tá tithe anseo is ansiúd ina bhfuil cros Bhríde le feiceáil fós, í crochta os cionn an dorais tosaigh nó sa chistin. Traidisiúin a shamhlaítear le féile Bhríde is ea crosa a dhéanamh – i stíleanna éagsúla – Biddy Boys, brídeoga agus cuairt a thabhairt ar thobar beannaithe.  

An chros is minice a shamhlaítear léi ná cros cheithre ghéag Naomh Bríd, a d’aithneodh mórchuid daoine as a bheith mar shuaitheantas ar theilifís RTÉ ó thosaigh sé ag craoladh i 1961. Bhí luí leis an stíl seo i dTuaisceart Éireann.  Bhí éagsúlacht stíleanna ann ó réigiún go réigiún ar fud na hÉireann agus gheofar sampla dá bhformhór i mBailiúchán Shaol na nDaoine in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe. 
 
Ba iad tuí, luachra agus giolcacha na hábhair ba choitianta ach dheintí crosa as féar, féar tirim, adhmad, cleití gé, sreang agus fabraic chomh maith. Ach cibé ábhar a úsáideadh, chaití uisce coisricthe air roimh ré agus ba mhinic a deirtí paidir chun fáilte a chur roimh an naomh isteach sa teach.  Ba iad na cruthanna traidisiúnta an diamant, ábhair a chuaigh crosach ar a chéile, agus d’fhéadfadh dhá ghéag, trí ghéag nó ceithre ghéag a bheith iontu. I gceantair áirithe den iarthar, cheanglaítí dhá stiall adhmaid le chéile chun cros shimplí a dhéanamh.
 
Chrochtaí crosa suas i dtithe agus i gcróití ainmhithe agus ansin chaití an tuí a bhí fágtha anuas ar na barra nó d’fhití isteach i mbuarach nó in easair ainmhithe é ionas go n-iarrfaí beannacht an naoimh agus í ag gabháil tríd an tír ar an lá roimh a féile. Ba ghnách Cros Bhríde a thabhairt mar fhéirín nuair a théadh lánúin isteach i dteach nua agus do lánúineacha nua, mar chomhartha coimirce agus chun clann a ghuí orthu.

Beannachtaí na Féile Bríde oraibh go léir!

Clodagh Doyle, Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe, a chum

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions