Scipeáil chuig ábhar

Tionscadal Taighde na gCorpán Portaigh

Torso and arms of 'Oldcroghan Man', a preserved set of remains found in a bog

Is éard atá sa taispeántas, Ríogacht agus Íobairt, ná toradh thaisí Thionscadal Taighde ar Chorpáin Phortaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bunaíodh in 2003 i ndiaidh dóibh dhá chorpán ón Iarannaois a fháil i bportaigh i gCruachán, Co. Uíbh Fhailí agus i gCluain Uí Chaomháin, Co. na Mí.

Dátaíodh na hiarsmaí don tréimhse idir thart ar 400 RCh. agus 200 RCh. agus bhí siad caomhnaithe go han-mhaith ar fad. Rinne an Tionscadal Taighde ar Chorpáin Phortaigh imscrúdú agus doiciméadú go heolaíoch ar na hiarsmaí daonna a bhí i gceist le foireann ildisciplíneach saineolaithe idirnáisiúnta.

D’oibrigh cúigear saineolaithe is tríocha, a raibh taithí fhairsing ag an gcuid is mó díobh ar thaighde ar chorpáin phortaigh, i gcomhar le foireann ó Roinn na Seaniarsmaí Éireannacha agus ó Roinn Caomhnaithe an Ard-Mhúsaeim. Rinneadh anailísí éagsúla, ina measc: scanadh CT agus MRI; anailís phailéachothaithe; méarlorgaireacht; anailís histeolaíoch; agus anailís phaiteolaíoch.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions