Scipeáil chuig ábhar

iCAN - Gréasán Cartlainne Pobail na hÉireann

Members of Woodlawn Heritage Group, Co Galway

Is é Gréasán Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) an phríomheagraíocht a sheasann an fód d’fhorbairt cartlanna pobail digiteacha ar fud na hÉireann, agus a thacaíonn leis an bhforbairt sin.

Tá sé de phríomhaidhm aige spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do phobail i leith a gcuid staire agus oidhreachta áitiúla a roinnt ar líne.

Bhunaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann iCAN in 2009 agus forbraíodh é i gcomhpháirtíocht le hOifigigh Oidhreachta na n-údarás áitiúil rannpháirteach agus le tacaíocht ó Éire Ildánach.

In 2023, tháinig an Chomhairle Oidhreachta isteach in iCAN mar chomhpháirtí nua cistiúcháin, chun leathnú an tionscnaimh a éascú.

Go dtí seo, thacaigh iCAN le cruthú agus forbairt 33 cartlann ar líne i gcontaetha an Chláir, Chorcaí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Chill Mhantáin. Is é is aidhm don tionscadal tacú le forbairt ar a laghad 80 cartlann dhigiteach ar fud na hÉireann faoi 2028.​

Agus cuid mhór d’oidhreacht chultúrtha ábhartha agus doláimhsithe na hÉireann faoi chúram agus faoi úinéireacht a saoránach agus a diaspóra, tá iCAN ag cumhachtú pobail áitiúla chun a gcuid staire, oidhreachta agus cultúir féin a dhoiciméadú ar ardáin dhigiteacha agus é a dhéanamh inrochtana do dhaoine ar fud an domhain.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi iCAN. Tugaimid cuireadh daoibh breathnú thart ar chartlanna bhaill iCAN, do chuid grianghraf agus faisnéise a chur ar fáil, nó páirt a ghlacadh le do ghrúpa áitiúil.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions