Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Ór na hÉireann

Saorchead isteach

Sonra den fhoirceann ar thorc ribín

Tagann an bailiúchán d/órshaothar na réamhstaire ó réimse de dhátaí idir 2200 BC agus 500 BC. Is seodra atá sna píosaí den chuid is mó ach ní fios cén fheidhm bheacht a bhí ag cuid acu.

Le linn na Cré-umhaoise Luath ba as leatháin óir a rinneadh na príomhtháirgí óir; ina measc siúd bhí dioscaí gréine agus coiléir chorránacha óir ar a dtugtar lunulae.

Timpeall 1200 R.Ch. thángthas ar mhodhanna nua chun ór a oibriú. Is timpeall an ama seo a rinneadh éagsúlacht mhór torc trí bharraí nó stiallacha óir a chasadh.

Chonacthas athrú eile stíle timpeall 900 R.Ch- sa Chré-umhaois Dhéanach - agus is féidir an obair óir ón tréimhse seo a roinnt ina dhá chuid: déantáin sholadacha ar nós bráisléad nó fáiscíní gúna a bhí an-difriúil ó choiléir mhór agus spóil mhíne chluaise as leatháin óir.

 

Suíomh:


Ór na hÉireann suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Tagann an bailiúchán d/órshaothar na réamhstaire ó réimse de dhátaí idir 2200 BC agus 500 BC. Is seodra atá sna píosaí den chuid is mó ach ní fios cén fheidhm bheacht a bhí ag cuid acu.

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444