Scipeáil chuig ábhar

Deich rud mhóra a gcuirfidh an teaghlach ar fad spéis iontu

Idir na Lochlannaigh go dtí an tSean-Éigipt, Éire Réamhstairiúil agus Coirp Phortaigh tá go leor le gabháil i samhlaíocht an teaghlaigh go léir.

Cead isteach saor in aisce

1. Foirgneamh suntais

An raibh a fhios agat gur tógadh an Foirgneamh thart ar 130 bliain ó shin? Ba é an t-ailtire iomráiteach Thomas Newenham Deane agus a mhac Thomas Manly Deane a dhear é. Féach thart ar an bhfoirgneamh suntais iontach seo agus smaoinigh ar an dóigh a ndearfá músaem inniu!

Leigh Nios mo

2. Gach eolas faoi Lochlannaigh!

Foghlaim faoi Lochlannaigh na hÉireann agus feic ceann de na bailiúcháin Lochlannach is mó san Eoraip.

Leigh Nios mo

3. An tSean-Éigipt

Faigh tuilleadh eolais faoin tSean-Éigipt, Déithe agus teampaill, mumaithe, farónna agus Gleann na Níle trí Bhailiúchán fairsing an Mhúsaeim de dhéantáin a tochlaíodh san Éigipt idir na 1890í agus na 1920í.

4. Freastal ar imeacht le chéile

Cuireann an Músaem clár de cheardlanna agus de thurais ar fáil saor in aisce ó cheann ceann na bliana. Féach ar an gclár is déanaí, roghnaigh imeacht agus tosaigh ag pleanáil do chuairte.

Leigh Nios mo

5. Brian Bóramha

Is dócha gurb é Cluain Tarbh an cath is mó aithne i stair na hÉireann ach an bhfuil finscéal de bhua iontach do Rí Críostaí na hÉireann, Brian Bóramha, i gcoinne na Lochlannach págánach, ceart i ndáiríre? Faigh sin amach i dtaispeánta Chluain Tarbh 1014.

Leigh Nios mo

6. Ná déan dearmad amharc síos!

Taispeántar radhairc ar urláir mhósáic an Mhúsaeim ón miotaseolaíoch chlasaiceach. An féidir leat dearadh an stoidiaca a fheiceáil sa chruinnteach? Tá an chuid eile den taobh istigh maisithe go galánta le móitífí atá spreagtha ag sibhialtachtaí na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe.

7. An Chonair Teaghlaigh

Cuir dúshlán ort féin trí dhul ar chonair ghníomhaíochta trí ghailearaithe an Mhúsaeim. Áirítear ar na rudaí is fearr le teaghlaigh Dúshlán na Lochlannach (Viking Challenge), an Chonair Seod (Treasure Trail) agus An tEarra is Fearr Liom (My Favourite Object).

Leigh Nios mo

8. Na seoda is fearr in Éirinn

Déan iniúchadh ar chuid de na déantáin is íocónaí in Éirinn sa taispeántas ‘The Treasury’, lena n-áirítear Cailís Ardach, Dealg na Teamhrach agus Taisce Dhoire na bhFlann.

Leigh Nios mo

9. Kingship and Sacrifice

Tabhairt cuairt ar an taispeántas Ríogacht agus Íobairt chun na coirp phortaigh ón Iarannaois atá cáiliúil ar fud an domhain a fheiceáil. Faigh eolas faoi Fhear Chaisil - a mhair agus a fuair bás os cionn 4,000 bliain ó shin!

10. The Faddan More Psalter

Samhlaigh teacht ar leabhar 1,200 bliain d’aois sa phortach? Foghlaim faoi Leabhar na Salm ón meánaois ar a dtugtar Faddan More Psalter, a théann siar go dtí thart ar 800 AD agus a fuarthas trí sheans i bportach i gCo. Thiobraid Árann in 2006.

Leigh Nios mo

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444