Fiosraigh an méid atá le fáil amach agus le foghlaim ag do rang ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
Tá cuairteanna scoile saor in aisce!
Spreag samhlaíocht leanaí de gach aois le heispéireas ‘lasmuigh den seomra ranga’ atá difriúil.
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe suite ar thailte stairiúla Theach Pháirc Thurlaigh agus tá Cloigtheach ársa os a chionn lena mbaineann draíocht dá chuid féin. Bí i do thaiscéalaí coillearnaí don lá, foghlaim faoi shaol na tuaithe in Éirinn 100 bliain ó shin, déan cailleach a fhí nó faigh amach faoin eolaíocht sa ghnáthshaol.