Scipeáil chuig ábhar

Go dtí Márta 2023

Ár gCathaoir Ghaelach: Athchuairt ar an Traidisiún

Saorchead isteach

Scrúdaítear sa taispeántas seo an dearadh agus an cheardaíocht eisceachtúil a ghabh leis an gcineál cathaoireach uathúla seo agus an chruthaitheacht a spreagann sí i gcónaí.

Thar thréimhse 90 bliain, bhailigh Ard-Mhúsaem na hÉireann samplaí de chineál cathaoireach ar a dtugtar cathaoir ‘Shligigh’ nó ‘Thuama’, dhá bhaile in iarthuaisceart na hÉireann. Taifeadadh an chathaoir den chéad uair i 1832 i gceantar Shligigh. Tugadh 'cathaoir Thuama' uirthi freisin, agus is i dTuaim a dhéantar an chathaoir inniu. 

In Ár gCathaoir Ghaelach: Athchuairt ar an Traidisiún, beidh bailiúchán iomlán an Mhúsaeim de na cathaoireacha seo ar taispeáint den chéad uair – ag caitheamh súil níos géire ar an gcineál cathaoireach seo agus ar a háit i scéal dearaidh na hÉireann. Déanann an taispeántas ceiliúradh freisin ar dhéantóirí a chaomhnaigh an traidisiún ceardaíochta seo; agus ar dhéantóirí agus ealaíontóirí an lae inniu a fhaigheann spreagadh ón taispeántas Ár gCathaoir Ghaelach i gcónaí. 

Is cathaoir trí chos í Cathaoir Shligigh/Thuama agus dearadh an-sainiúil uirthi; déantar go seiftiúil í ar sheanmhodhanna adhmadóireachta. I 1832 chuir an Dublin Penny Journal síos uirthi mar “sheanchathaoir darach” ó shráidbhaile Dhroim Chliabh i gContae Shligigh. 

Tá an taispeántas seo á chur i láthair in éineacht le tionscadal ealaíne ó Thuaim faoin gcineál cathaoireach seo leis na healaíontóirí David Lilburn agus Jan Frohburg. Roghnaigh siad an chathaoir seo mar chomhartha ar Thuaim toisc go bhfuil an chathaoir á déanamh i gceantar Thuama le 100 bliain anuas. 

Chruthaigh na healaíontóirí dealbha beaga miotail den chathaoir agus chuir siad iad in áiteanna éagsúla timpeall bhaile Thuama. Cruthaíodh léarscáil ealaíontóra de stair agus d’oidhreacht an bhaile. 

Rud eile atá sa taispeántas seo ná cathaoireacha a dhear agus a rinne déantóirí an lae amárach ó GMIT Leitir Fraic – an tIonad Náisiúnta Barr Feabhais i nDearadh agus i dTeicneolaíocht Troscáin. 

Tá ‘Cathaoirleach Cheatharlach’ leis an ealaíontóir agus dearthóir Sasha Sykes le feiceáil sa taispeántas, chomh maith. Tá a saothar siúd bunaithe ar chathaoir Shligigh / Thuama agus cruthaíodh í in aicrileach ina bhfuil ábhar orgánach leabaithe. 

Agus Ár gCathaoir Ghaelach á ceiliúradh againn, agus ag caitheamh súil eile ar an traidisiún marthanach seo, tá súil againn go gcuirfidh an taispeántas seo caibidil eile le scéal leanúnach an chineál cathaoireach seo agus a háit i stair dhearaidh na hÉireann.

Suíomh:


Ár gCathaoir Ghaelach: Athchuairt ar an Traidisiún suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


A new exhibition about an Irish chair type crafted through the centuries.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755