Scipeáil chuig ábhar

Deich Rud Mhóra le Feiceáil

Deich Rud Mhóra le Feiceáil

Cead isteach saor in aisce

Féach ar Video

Gailearaithe Taispeántais

Féach ar Bhailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine ar cheithre urlár ár ngailearaithe nua-aimseartha a bhfuil duaiseanna buaite acu. Taispeántar stíl mhaireachtála, déantáin agus traidisiúin mhuintir na tuaithe a ghabh romhainn i ndéantáin, i dtaispeáintí idirghníomhacha fuaime agus físeacha agus i ngiotaí scannáin ón gcartlann.

Teach Pháirc Thurlaigh

Tabhair cuairt ar thrí cinn de sheomraí breátha athchóirithe i dTeach stairiúil Pháirc Thurlaigh. Tá an Teach suite láimh le príomhghailearaithe an Mhúsaeim. Tógadh an teach Gotach Victeoiriach seo chomh fada siar le 1865. Teach mhuintir Mhic Gearailt ab ea é ar feadh na mblianta; úinéirí móra talún ab ea na Gearaltaigh ag an am sin.

Gairdíní Victeoiriacha

Tá na gairdíní seo, a bhfuil an Bhratach Ghlas buaite acu, ar na gairdíní is áille sa taobh seo tíre. Tá mórchuid rudaí iontu ar fiú féachaint orthu agus go leor rudaí le déanamh iontu chomh maith. Inniú is í Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Mhaigh Eo atá i bhfeighil na ngairdíní agus na dtailte.

Leigh Nios mo

Glasbhealach an Mhúsaeim

Cuir tús le do chuairt le turas rothaíochta ar Ghlasbhealach an Mhúsaeim. Beidh lá sultmhar ag an teaghlach ar fad.

Leigh Nios mo

Caifé an Chlóis

Bíodh gréim le n-ithe nó só milis agat i gcaifé an mhúsaeim. Má bhíonn an lá go maith, suigh lasmuigh faoin ngrian sa chlós. Bíonn taispeántais ealaíne ar siúl i gcónaí i nGailearaí an Chlóis láimh leis an gclós.

Ealaín Lasmuigh

Tá saothair ealaíne éagsúla suite i dtailte an Mhúsaeim. Barry Linnane a chruthaigh ceann amháin díobh, an 'Tairseach' a thugann léiriú ar chiorcal na beatha. Is é 'Raon an Tuthail' an teideal ar dhealbhóireacht cois locha le Colm Brennan, bunaithe ar chuimhní cinn ar luachra a ghearradh le corrán.

The Glass House

The original glass house was built between 1874 and 1875. It was destroyed by a violent storm in the 1930s. Mayo County Council restored the structure in 2000. It serves as a central focal point for the gardens.

Nature walks

Immerse yourself in nature in our Green Heritage site. Enjoy a peaceful walk around the lake or through the woods. There are lots of built and natural heritage features to explore and plenty of potential sightings for keen eyed nature enthusiasts.

Ancient Round Tower

Turlough Round Tower is a national monument, attached to a 17th century church overlooking the grounds of the Museum. It is a well preserved example of a round tower, dating to the ninth century, on the site of an older abbey - possibly founded by St Patrick.

Clós Súgartha Coillearnaigh

Sa chlós súgartha coillearnaigh seo, a bhfuil duaiseanna buaite aige, i bPáirc Thurlaigh gheofar sleamhnán mór, luascáin, barraí dreapadóireachta agus gnéithe nádúrtha súgartha.

Modhtheachín Ceann Tuí

Tá an 'teach' ceann tuí seo suite sna gairdíní, agus tógadh é le léiriú a thabhairt ar éagsúlacht na n-ábhar, na n-uirlisí agus na modhanna a úsáideadh chun tithe dúchasacha ar fud na hÉireann a thógáil.

Leabhair agus Ceirdeanna Éireannacha

Brabhsáil an rogha mhór leabhair Ghaeilge, bronntanais agus ceirdeanna Éireannacha i Siopa Bronntanas an Mhúsaeim.

Fothrach Tí ón 18ú hAois

Féach a bhfuil fágtha de chéad theach na nGearaltach, a thóg Thomas Fitzgerald i 1722. Is anseo a bhí cónaí ar an líon tí go dtí 1786.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755