Scipeáil chuig ábhar

Scoileanna Teanga agus Scoileanna Idirnáisiúnta

Caithfidh gach grúpa ar mian leo cuairt a thabhairt ar an Músaem áirithint a dhéanamh roimh ré trí Oifig na nÁirithintí.

Áirítear iad seo a leanas ar na grúpaí sin: Scoileanna, coláistí agus ollscoileanna idirnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn nó thar lear, grúpaí iarscoile, Campaí Samhraidh agus Scoileanna Teanga, Grúpaí Turais agus grúpaí sainspéise

B’fhéidir nach mbeadh grúpaí a thiocfadh gan áirithint ábalta dul isteach sa Mhúsaem, ag brath ar an acmhainn a bheidh ar fáil.

Caithfidh gach grúpaí fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt d’Oifig na nÁirithintí chun an t-iarratas áirithinte a phróiseáil agus an infhaighteacht do dháta roghnaithe do chuairte a sheiceáil.

Léirítear inár dtreoirlínte reatha maidir le cuairteanna grúpaí Beartas Cosanta Leanaí Ard-Mhúsaem na hÉireann:

  • Mar gheall ar acmhainn teoranta ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, tá grúpaí teoranta do 40 duine ar a mhéad, lena n-áirítear múinteoirí agus ceannairí.

  • ​Ní féidir glacadh le holl-áirithintí toisc go bhfuil teorainn le sliotáin na gcuairteoirí. Mar gheall ar líon na gcuairteoirí, mholfaimis go bhféachfaí ar chuairteanna tráthnóna don infhaighteacht is fearr.

  • Tabhair do d’aire le do thoil go dteastaíonn cóimheas maoirseachta múinteora/ceannaire amháin in aghaidh gach 15 dhalta uainn do ghrúpaí ina bhfuil baill faoi 18 mbliana d’aois. I gcás grúpaí ina bhfuil leanaí faoi bhun seacht mbliana d’aois, nó iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, teastaíonn cóimheas maoirseachta múinteora/ceannaire amháin in aghaidh gach 10 mac léinn.

  • Caithfidh Ceannairí Grúpa fanacht lena ngrúpa an t-am ar fad le linn na cuairte.

  • Cuairt féintreoraithe a bheidh ann seo toisc nach féidir linn turais treoraithe a thairiscint faoi láthair.

  • ​Ní féidir cuairteanna ar an Satharn agus ar an Domhnach a éascú mar gheall ar an acmhainn laghdaithe


Déan fiosrú faoi áirithint

Chun fiosrú a dhéanamh faoi chuairt a thabhairt ar an Músaem le do theanga nó grúpa scoile idirnáisiúnta:

Beimid i dteagmháil leat le do chuairt a eagrú.


Oifig na nÁirithintí

Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí má bhíonn tuilleadh eolais uait.

Uaireanta oscailte: 9r.n. go 5i.n., Máirt go hAoine. 
Ríomhphost: bookings@museum.ie
Teileafón: (01) 648 6453


Acmhainní ar Líne

Tá roinnt acmhainní ar líne againn i mBéarla a d’fhéadfadh a bheith tairbheach duit le húsáid roimh do chuairt, lena linn nó ina diaidh: Acmhainní ar Líne

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627