Scipeáil chuig ábhar

Scrúdaigh an luamh cáiliúil, an tAscar

Ón uair a thóg Colin Archer, an saor long cáiliúil ón Iorua í, go dtí an ról lárnach a bhí aici i dTeacht i dTír na nGunnaí i mBinn Éadair in 1914 agus an úsáid a bhaintí aisti níos déanaí mar an chéad árthach seoil traenála in Éirinn, bhí cuid mhór ioncholluithe ag an luamh.

Ó mhí Lúnasa 2012 tá an tAscar ar taispeáint i nDún Uí Choileáin. Seasann sí mar shéadchomhartha don scil a bhí ag na tógálaithe a thóg í ar dtús agus don fhoireann chaomhnaithe, chomh maith le bheith mar mheabhrú do na himeachtaí suaite de 1914.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Faigh nuashonruithe ar na taispeántais, imeachtaí agus nuacht is déanaí inár músaeim