Scipeáil chuig ábhar

Troscán na hÉireann ón 19ú hAois

Tréimhse ina raibh síocháin éigin agus rathúnas a bhí i mblianta tosaigh an 19ú haois. An rogha troscáin a bhí ann ná an stíl athbheochana Gréagaí.

Roghnaigh déantóirí cathaoireacha an “klismos” – cathaoir le cosa claímh a leathnaigh amach agus le tacaí scrollaithe ar chúl. Tháinig troscán na Leasríochta den chuid is mó ón stíl seo agus ó shaothar foilsithe an dearthóra Thomas Hope (1769-1831). Baineadh úsáid as mótífeanna Clasaiceacha agus Éigipteacha le haghaidh masiúcháin.

Is fíor go ndéantar troscán an lae inniu le cur ar taispeáint, agus na cumhdaigh, clúdaigh, agus oiriúintí chun na críche céanna.

                                       - An Tógálaí Éireannach1 Meán Fómhair 1879

Bhí móréileamh ar mhahagaine agus rósadhmad agus bhí líon mór troscáin a bhí dúsheapánta, maisithe le línte óraithe agus gléasanna ornáideacha. Bhí gléastaí práis agus línte inleagtha práis agus éabainn go mór san fhaisean.

Le linn na tréimhse seo, bhí gnólachtaí troscán Bhaile Átha Cliath ar nós Mack Williams agus Gibton, George Gillington, Joshua Kearney, James Del Vecchio, agus George Murray faoi bhláth. Nuair a tháinig ré na meaisíní tháinig stíleanna troscáin nua ar leith chun cinn. Ón dara leath den 19ú haois thug Robert Strahan faoi na stíleanna reatha Victeoiriacha.

Dhírigh Arthur Jones a raibh a ghnólacht faoi bhláth idir 1824 agus 1860 ar adhmad iúir snoite. Ag baint úsáide as adhmad dúchasach, rinne na stíleanna nua raon móitífeanna stairiúla agus nádúrtha a ionchorprú. Dhírigh adhmadóireacht Chill Airne, inleagtha le radhairc áitiúla ar nós Mainistir Locha Léin, ar an margadh turasóireachta. Leis an ngluaiseacht Nuacheilteach agus stíleanna ina dhiaidh sin, a spreagadh de bharr seoda ealaíne ársa a aimsiú, soláthraíodh troscán ar leith. Is mar gheall ar an tionsclaíocht a tharla ag deireadh na haoise agus iarrachtaí a rinneadh chun dearadh maith agus buncheardaíocht a chur chun cinn ba chúis le gluaiseacht Ealaíon agus Ceardaíochta na hÉireann agus tús leis an stíl nua-aimseartha.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions