Scipeáil chuig ábhar

1450-1800: Na Miontaí Réigiúnacha agus na Túdair, na Stíobhardaigh agus na hUilliamaítigh

Foghlaim faoin gcaoi inar fhorbair na miontaí réigiúnacha, chomh maith lena bhfuil le hinsint ag airgeadra na hÉireann faoi réimsí éagsúla i stair Shasana.

Cuireadh tús le haois nua i 1460 nuair a tháinig boinn airgid nua, Éireannacha, chun cinn. I rith an leathchéad bliain ina dhiaidh sin tháinig réimse leathan ainmníochtaí agus dearthaí chun cinn.

Miontaí Réigiúnacha ina bhfuil boinn shainiúla

Tharla sé seo ní hamháin i mBaile Átha Cliath agus sna cathracha níos mó cosúil le Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh, ach ag miontaí réigiúnacha eile cosúil le Loch Garman, Droichead Átha agus Baile Átha Troim. Ba í an ainmníocht ab airde anois ná an píosa ceithre pingine seachas an phingin. Tá a scéal féin le hinsint ag gach baile agus gach bonn. Ba í an ainmníocht ab airde anois ná an píosa ceithre pingine seachas an phingin.

Ní hamháin gur ar chúiseanna deartha a bhí fonn ar mhuintir na hÉireann airgead na hÉireann a scaradh ó airgead Shasana ag deireadh na tréimhse meánaoisí, ach tharla sé freisin mar gheall ar na fadhbanna a bhí ag teacht ón eis-sreabhadh airgid as Éirinn go dtí eacnamaíocht Shasana a bhí níos láidre. Leigheas amháin a bhí air seo ná na boinn Éireannacha a dhéanamh níos éadroime agus difriúil chun nach ndéanfaí easpórtáil orthu. Is cuma cé chomh stuama is a bhí an plean seo, d’fhág sé muid le boinn a bhí an-neamhghnách agus feiceálach.

Boinn na dTúdar, na Stíobhartach, na Seacaibíteach agus na Liamach

Tá deacrachtaí pósta Anraí VIII le feiceáil ar bhoinn na hÉireann freisin, sa mhéid is go bhfuil ceannlitreacha chuid dá mhná céile le feiceáil ar na heisiúintí airgid, agus is féidir a fheiceáil freisin cén uair a ghlac sé an teideal ‘Rí na hÉireann’ seachas an teideal meánaoiseach 'Tiarna na hÉireann'.

Tá na cogaí agus scrios thréimhse Chromail, an choimhlint idir Rí Séamus agus Rí Liam agus an chonspóid a thosaigh Dean Swift faoi Leathphingin Wood sna 1720idí le feiceáil ar bhoinn a eisíodh ag an am.

D’fhág na Túdair, na Stíobhardaigh, na Seacaibítigh agus na Liamaigh a marc ar na boinn agus is féidir stair eacnamúil agus pholaitiúil na tíre a leanúint trí dhearadh, eochair eolais agus barrmhianta atá chun tosaigh agus ar chúl na gcáipéisí beaga stairiúla seo, mar sin é go díreach atá iontu.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions