Scipeáil chuig ábhar

1800-2001: An tAontas agus Neamhspleáchas

Fiosraigh airgeadra ón 19ú haois agus 20ú haois nuair a bhí Éire faoi riail na Breataine ar dtús, agus ansin nuair a mharcáil sí a neamhspleáchas lena hairgeadra puint féin.

Chuir imeacht na mboinn leithleacha Éireannacha tar éis Acht an Aontais agus an méadú in úsáid nótaí bainc timpeall an ama céanna, tús le forbairt nua i scéal an airgid. Ar feadh céad bliain ina dhiaidh sin, ba iad boinn chaighdeánacha na Breataine amháin a bhí ar fáil in Éirinn.

1916-1921: Ré an Neamhspleáchais

Cuireadh tús le caibidil nua sa scéal mar thoradh ar mhórimeachtaí na tréimhse ó 1916 go dtí 1921 agus bunú an tSaorstáit, agus eisíodh córas airgid nua don Éire nua. Bhí go leor de na dearthaí, a roghnaigh coiste a raibh W.B. Yeats mar chathaoirleach air, linn fós go dtí 2001.

1971: Deachúlú

I measc na gclocha míle eile bhí an deachúlú i 1971, nuair a glacadh leis na dearthaí Ceilteacha a chuir an t-ealaíontóir Gabriel Hayes ar fáil i gcomhair an phíosa dhá phingine, an pingin agus an leathphingin nua.

2002: Cuirtear tús leis an Euro

Ar deireadh thiar thall, tugtar an scéal go dtí an lá atá inniu ann, le tús an Euro, a thugann tréimhse nua isteach agus a chuireann deireadh leis an scéal faoi bhoinn agus faoi airgeadra na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions