Scipeáil chuig ábhar

950-1450: Na Lochlannaigh, Na Normannaigh agus na Miontaí Meánaoiseacha

Léigh faoin gcaoi inar thug na Lochlannaigh an t-airgeadra Éireannach is luaithe isteach agus faoin gcaoi, níos déanaí, ina rinne na Lochlannaigh agus na Normannaigh araon a gcuid airgid féin.

Is iad na Lochlannaigh a thug isteach boinn go hÉirinn den chéad uair agus ba iad na chéad bhoinn a bualadh sa tír – pinginí airgid – a táirgeadh i mBaile Átha Cliath faoin Rí Lochlannach Sihtric III timpeall 997 nó 998 AD.

Na boinn Lochlannacha

Ar feadh timpeall 100 bliana roimh an dáta seo bhain Lochlannaigh na hÉireann úsáid as boinn eile agus bhí boinn Shacsanacha, Chairilínseacha agus fiú boinn Ioslámacha ó lár na hÁise timpeall in Éirinn sa 10ú haois.

Cuimhnítear ar Sihtric i stair na hÉireann, go príomha mar an duine a chruthaigh comhaontas idirnáisiúnta i gcoinne Bhrian Bóramha, a bhí mar chúis le Cath Chluain Tarbh. Ach an pointe tosaigh maidir le boinn na hÉireann is ea an bhaint a bhí aige i dtáirgeadh na mbonn.

Na Normannaigh agus a gcuid airgid

D’fhág na Normannaigh a rian freisin agus ba faoi údarás an Phrionsa John ar bualadh boinn den chéad uair lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, i gcathracha ar nós Port Láirge, Luimneach agus Cill Chainnigh. I gCúige Uladh, faoi John de Courcy, bhí miontaí freisin i nDún Pádraig agus Carraig Fhearghais. Le linn an 13ú haois cuireadh an triantán ar bhoinn na hÉireann, áit a raibh cloigeann an rí nó banríon a bhí i réim istigh i gciorcal, ionas go bhféadfaí iad a idirdhealú ó chinn Shasana.

1310-1460: Boinn ar iasacht agus brionnúcháin

Ach, de réir mar a d’imigh cumhacht choilíneacht na Normannach i léig, chuaigh bualadh na mbonn i ndísc agus le linn na chéad céad caoga bliain eile ó 1310 go 1460 ba bheag bonn a bualadh. Le linn na tréimhse seo i measc na mbonn a bhí sa mhargadh bhí píosaí caite Éireannacha, Sasanacha agus Albanacha, boinn aithriseacha Eorpacha agus, na boinn bhréige den 15ú hAois a bhí ar droch-chaighdeán ar ar tugadh 'O'Airgead Reilly'.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions