Scipeáil chuig ábhar

Aosaigh

Bí gafa leis na scéalta uathúla, an oidhreacht shaibhir agus na traidisiúin chultúrtha iontacha de chuid ár sinsear tuaithe sna gailearaithe taispeántais a bhfuil duaiseanna buaite acu.

Tabhair cuairt ar theach Gotach Victeoiriach na 19ú haois agus bain taitneamh as siúlóid shuaimhneach sa choillearnach nó téigh ar rothar feadh Ghlasbhealach an Mhúsaeim. Freastail ar chaint, téigh le turas, buail le ceardaithe nó foghlaim faoi ghinealas. Tá an oiread sin le déanamh d’aosaigh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe!


Imeachtaí d’aosaigh

Tá Féilire Imeachtaí ag an Músaem atá samhlaíoch agus tarraingteach a bhfuil cainteanna agus turais ann mar ghnéithe d’aosaigh atá spreagtha ag téamaí an Bhailiúchán Náisiúnta um Shaol na Tuaithe. Brabhsáil an Féilire Imeachtaí is déanaí agus pleanáil do chuairt.


Gníomhaíochtaí grúpa d’aosaigh

Óstálann an Músaem roinnt grúpaí a thagann le chéile go rialta d’fhonn a gcuid spéiseanna a chomhroinnt, ó cheardaíocht go ginealas. Faigh níos mó amach thíos agus buail isteach chuig gníomhaíocht ghrúpa.
Is grúpa ceardaithe agus ealaíontóirí cumasacha iad Ceardaithe Teicstílí Chonnacht ó ar fud Chonnacht.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755